“Fíor dhuit,” arsa mise.
“Chuireadar Uolfe Tóne ’san bpríosún,” ar sise, “chuireadar Emmet san bpríosún, chuireadar…(an fear ar ar tráchtadh cheana bhí i gceist aici), chuireadar mé féin ’san bpríosún…chuir…”
Chuir sí cosg léithi féin.
“Agus cheap tusa buille a bhualadh ar son do thíre freisin,” arsa mise.
“Cheap, a mhúirnín…acht ní mar gheall air sin cuireadh ’san bpríosún mé.”
“’Deile?”
“An t‑ól,” ars’ an bhean mhór ruadh.
D’fhan an bheirt againn ’n‑ár dtost ar feadh tamaill mhaith. Ise faoi chuthach i ngeall ar ar fhulaing sí féin—agus a tír. Mise ag machtnamh ar ár gcruadh-chás. An fhuireann go sgléipeach agus go hárd-ghlórach agus go neamh-aireach. An áit uile go soillseach lonnrach faoi na lampaíbh beaga aibhlighe a bhí ar gach dath dá bhfuil ’san mbogha ceatha. Ceól dhá spreagadh ann—agus ní hé amháin go raibh an gléas ceóil úd i n‑an’ ceól a sheinnt uaidh féin, acht nochtuigheadh sé cuimse pioctúirí ’san am céadna; an t‑easach áluinn, an abhainn mhear thapaidh, an choill mhór agus an ghealach ós cionn na gcrann, an mhuir agus an long dhá báthadh innti. Acht ba bheag an tsuim a chuir an bheirt dheóraidhe a bhí ’n‑a suidhe ar aon stól ’san gceól ná ins na pioctúiríbh ná ins an sgléip; bhíodar go brónach agus go trom-chroidheach agus tráigheadhacht an tsaoghail ’n‑a gcroidhe.
· | · | · | · | · | · | · | · | · | · |
D’éirigh an bhean mhór ruadh de phreib. Chuir sí a dhá láimh ’mo thimcheall, agus thosuigh sí dhom’ phógadh ós comhair a raibh ann.