Níor fhanas féin i bhfad ’n‑a dhiaidh. D’fhágas slán agus beannacht ag an mnaoi mhóir ruaidh, agus ghluais liom ’san gcathaoir bhig tugadh dom ’san teach lóistín.
Bhí an ceó go millteach. A leithéid de cheó níor facthas ariamh ná ó shoin ’san gcathair. Ní bhéadh aon ghoir ag duine an bealach a dhéanamh abhaile.
Cheapas i dtosach, agus mé ag imtheacht liom ’san gcathaoir bhig, go mba mhór an bheannacht ó Dhia é gur casadh an geócach liom. Ní bhéadh orm gadaidheacht a dhéanamh mar bhí ceaptha agam nuair d’fhágas an teach. Bhíos ó bhaoghal an ocrais agus an ghabhatair. Bhí trí phunnt ’san tseachtmhain de theacht-isteach agam. Trí phunnt ’san tseachtmhain! Ba mhór an t‑airgead é. Is mé bhí go sásta.
Acht tháinic brón mór ar mo chroidhe ’n‑a dhiaidh sin. De réir a chéile bhí an brón ag teacht orm. Níor fhéadas a dhíbirt. Nár dhíolas mé féin ar trí phunnt ’san tseachtmhain? Nach ndeárnas iongantas agus uathbhás agus feic saoghalta dhíom féin? Dá mbéadh fhios ag mo mhuintir agus mo cháirde gaoil é, nach aca bhéadh an droch-mheas orm? Go ndéanfadh duine de mo shloinneadh-sa gníomh mar é—go mbéadh sé ’n‑a stáicín mhagaidh ag an bpobal uile, agus go ndéanfadh sé ar airgead é! Céard déarfaí i nGaillimh? Sin í an cheist a chuireas orm féin, agus nach minic a chuir deóraidhe bocht fáin ceist dá saghas air féin agus é i bhfad ó n‑a bhaile dhúthchais? Bhí droch-mheas agam orm féin. Bhíos leamh dhíom féin. D’imthigh an náire. Tháinic an fhearg. Bhí buile orm. Bhíos le mire. Na daoine a bhí ag siubhal an chasáin, thiomáininn an chathaoir ’n‑a mullach i n‑aon turas. Deirinn leó gur shíleadar mé a leagadh—mé féin agus mo chathaoir bheag. Agus nuair a thosuighidís ag gabháil a leith-sgéil, thosuighinn ag easgaine orra, agus ag tabhairt na mionn. Chuir seo an-áthas orm. Uathbhás agus feic saoghalta a bhí ionnam anois, agus ’tuige nach mbéadh cead ag a leithéid sin dedhuine a rogha rud a rádh?