lúth mo ghéag. Is maith a thárla go raibh mé im’ uathbhás agus im’ fheic saoghalta. Feic saoghalta—thaithnigh an t‑ainm go mór liom. Feic saoghalta! Feic saoghalta! Thosuigheas ag rádh na bhfocal arís agus arís eile ar nós páisde a bhéadh ag imirt chleas.
Acht ’tuige nach gcaithfinn an t‑airgead? Gach truaghán a casadh liom dubhras leis mé a leanamhaint agus cupán caifé ól i n‑éindigh liom. Dá sgór de lucht leanamhna bhí agam nuair a shroicheamar an áit a ndíoltar an caifé.
Acht ba mhó go mór an t‑uathbhás an dá sgór fear úd faoi n‑a gcuid giobal, agus iad dhom’ leanamhaint thríd an gceó, ná mise. Bhíodar lom tanaidhe. Bhí féachaint i súilibh coda dhíobh ar fheiceál an bhídh dhóibh mar bhéadh i súilibh tíogair. Bhíodar préachta leis an bhfuacht agus leis an ocras. ’Siad d’alp an biadh agus an t‑allus ag tuitim anuas díobh le chomh te is bhí an caifé agus leis an saothar chuireadar orra féin ’gá ól. Bhí sé chomh fada sin ó bhí béile mhaith bídh aca cheana nár fhéad cuid aca an lón a choinneál ’n‑a mbolg….
“Tá sibh-se go huathbhásach agus go millteach agus go gránna,” arsa mise, “ó bheith i gcall agus i n‑easbhaidh an airgid: uathbhás mé féin, acht go bhfuilim ag fagháil airgid ar a shon.”
Bhíos ag baint amach go deas ’san gcaint nuair a rug an bhean mhór ruadh a bhí ar chosamhlacht Impire Romhánaigh greim orm.
“Cé nach bhfuil tú sa mbaile fós?” ar sise. “Ní raibh aon cheart agam thú a leigint chun bealaigh ar chor ar bith, ní raibh sin. Ní leigfinn acht oiread, dá mbéadh aon cheapadh agam go mbeitheá ag caitheamh do choda ar an mbealach seo—leis an dream seo….”
D’fhéach sí orra go fíochmhar. Shílfeá go raibh eagla ar chuid aca roimpi, gur aithnigheadar í. Theannadar amach uaithi. D’imthigh cuid aca.