“Agus maidir leat-sa, a Mhicil,” ar sise, “shíleas go raibh ciall agad, shíleas sin. Tá freisin—marach an t‑ól. Mise tá ’ghá rádh, acht is agam-sa is fearr é. Ní fhéadfaidh tú a dhul abhaile anois. Tá an bóthar fada. Tá an ceó go millteach. Agus táir beagnach ólta … caithfidh tú theacht i n‑éindigh liom-sa anocht. Beidh pluid agad cois teineadh go maidin. Beidh tú go compóirteach ann. Bímís ag imtheacht i n‑ainm Dé. Nach millteach an oidhche í? Go sábháilidh Dia sinn! Ná bac leis an rotha, a Mhicil. Tiomáinfidh mise thú. Sin é an chaoi!”
Thiomáin sí an chathaoir bheag rothach roimpi. Cheapfá gur páisde bhí ionnam féin agus gurab ise mo mháthair.
VII.
Shroicheamar áit chomhnuidhthe na mná móire ruaidhe. Seómra mór folamh i mbárr tighe a bhí aici. Cheapfá i dtosach go raibh sé folamh i ndáiríribh, acht ní raibh. Bhí leabaidh ann, cineál leapthan; stól fada cois balla, acht maidir le bórd ná gréithre ná deis le biadh a ghléasadh, ní raibh a rian ann.
Anois agus arís, beireann sí ar mo láimh, agus tosuigheann sí ’ghá cuimilt go lághach carthannach mar chuimleadh mo mháthair fad ó í, agus mé ’mo pháisde. An cuthach a bhí orm amuigh ar an tsráid, agus mé ag dul amudha ’san gceó, tá sé imthighthe. Ní’l a rian orm anois. Táim chomh ciúin agus chomh lághach geanamhail grádhmhar le