doras, agus anuas thríd an simné. An chathair mhór ’n‑a tost, acht go gcloisfeá fuaim anois agus arís, agus nach mbéadh fhios agad cé as a dtáinic sé, acht go gceapfá go raibh an fhuaim sin ar-achar uait—go gceapfá go raibh sí na mílte míle uait, dá n‑abruíghtheá é.
Ní raibh an bhean mhór ruadh ’n‑a codladh. Bhí aghaidh tugtha aici ar an mballa, agus í ag gol go trom. Uaireanta, cheapainn nach ag gol a bhí sí ar chor ar bith, acht gur meadhchan mór a bhí ar a croidhe, agus gur ag iarraidh a chaitheamh dhi a bhí sí. Bhíodh sí an-chiúin, ar feadh tuairim ’s dhá nóiméid, agus annsin leigeadh sí streancán eile aisti, agus gach streancán leigeadh sí aisti, cheapfá uirri go raibh an meadhchan mór úd a bhí ar a croidhe ag éirge dhe agus ag teacht aníos ’n‑a sgórnaigh. Rachainn-se chuici le n‑a sásughadh muna mbéadh gur cheapas go mb’fheárrde í an gol. Chonnaiceas mná ag caoineadh cheana agus is mór an mhaith a rinne sé dhóibh….
Chuir sí cosg léithi féin faoi dheireadh. Is dócha go raibh codladh ag teacht uirri. Bhíos féin ag tuitim ’mo chodladh nuair a thugas faoi deara go raibh solus ’san seómra a bhí thíos fúinn. Ní raibh idir an dá áit acht na cláracha, agus bhí an solus ag teacht aníos thríd na siúntachaibh. Stábla a bhí fúinn, agus choinnigh torann na gcapall a bhí dhá seóladh isteach ann, thar éis a bheith ag obair dóibh i gcaitheamh na hoidhche, ó chodladh mé go raibh sé beagnach ’n‑a lá.
Ní cheapfá ar an mnaoi mhóir ruaidh ar maidin go ndeárna sí gol ariamh. Bhí sí chomh meidhreach leis an bhfuiseóig a bhéadh i n‑áirde ’san spéir, agus chomh troigh-éasgaidh leis an gcaislín cloch ag gléasadh proinne dhí. Ní rabhas féin acht idir codladh agus dúiseacht nuair chualas ag casadh amhráin í, agus í i mbun na hoibre ar feadh an achair.
Nuair a bhí an biadh caithte againn bhí sé ag tarraint ar an deich a chlog. Chuamar amach go n‑ólfadh sinn an