Page:Deoraidheacht (1920).pdf/37

This page has been validated.

ó ó’n mair­néalach. Bhí sé i bpóca mo bhrísde fós. An gcaith­finn é? An raibh sé de mhisneach agam piléar a chur thríd a chroidhe? Ó! dhá mbéinn i n‑áit ar bith eile acht i nGaillimh, áit a n‑aith­neóchaí mé sul a gcrochfaí mé, ní fada go mbéitheá-sa ar lár, a fhirín bhig bhuidhe.

Dhearc sé orm arís. Ní dheárnas acht mo theanga a chur amach leis, agus torann gránna a dhéanamh le mo bhéal. Thosuigh sé ag gáiridhe. Thosuigh a raibh ar an tsráid ag gáiridhe. Chloisfeá gach sgairt uatha míle i gcéin.

Chualas féin gach sgairt a leigeadar. Chualas an fear beag buidhe ag bagairt ar an sluagh fanacht amach uaim, go rabhas ar mire, acht “tagaidh anocht,” adeireadh sé ’n‑a shean-bhéic, “tagaidh anocht go bhfeidich sibh é. Dhá phighin an duine—sin a’ méid. ’Sé uathbhás an domhain é—uathbhás an domhain é—uatbhás an domhain—tagaidh anocht agus inn­seóchar díbh na gníomh­artha iongan­tacha a rinne sé. Tagaidh anocht! Tagaidh anocht! dhá phighin an duine—sin a’ méid! Dhá phighin an duine leis an uathbhás mór fheiceál—le labhairt leis, le lámh a leagaint air, dhá phighin an duine!”

Bhí mo shúile dúnta agam féin, agus gan áird agam ar tada. Acht bhí glór an fhir bhig bhuidhe agus sgread­ghail an tsluaigh ag déanamh ceóil mhí-thaith­neamhaigh in mo chluas­aibh, dhom’ bhuidh­eachas.

Níor cheapas ariamh go dtí an lá sin go mba mhór an bheann­acht ó Dhia a bheith bodhar.


IX.

Ar fhilleadh dhúinn chuig an pháirc ’n‑a raibh tais­beántas an fhir bhig bhuidhe, chuaidh mé féin isteach ’mo bhotha le mo sgíth a leigint agus le mo smaointe a dhéanamh.

Bhaineas dhíom an folt dubh bréagach agus na slabhraí móra práis agus an cóta iol­dathach a mb’éigin dom a