Page:Deoraidheacht (1920).pdf/43

This page has been validated.
43
Deoraidheacht

Tháinic beirt eile isteach. Agus beirt eile. Agus bhíodar ag teacht agus ag imtheacht go raibh cuid mhaith de’n oidhche caithte. Gach focal a thigeadh amach as a mbéal, ní bhfuair­eas ann acht masladh. Acht ar ndóigh, níor cheapadar gur thuigeas a gcaint ar chor ar bith. Ar a shon sin, chuir­eadar gráin orm. Dá mbadh i n‑aon bhaile eile bhéinn, ní chuirfinn suim ’n‑a nglór, acht annseo i nGaillimh, an áit a rugadh mé! Dá mbéadh fhios aca cé bhí aca ann! Dá mbéadh fhios aca go mba duine díobh féin a bhí ’n‑a staic uathbháis agus iongan­tais aca!

Ghabh fearg mé. Ghabh cuthach agus buile agus fuath mé. Céard d’fhéad­fainn a dhéanamh le uamhan a chur orra? Níor éirigh liom cuimh­neamh ar aon bheart. ’Tuige a mbeidís ag teacht ag féachaint orm-sa? Nach fear a bhí ionnam? Nach raibh ciall agus meabhair agus tuigsint agam ar nós gach uile fhear? An Críost­aidhthe iad? An Críost­aidhe í an bhean óg dhath­amhail úd thall atá ag féachaint orm anois? Agus ní truaigh atá aici dhom (má’s fíor dá súilibh), acht go bhfuil uathbhás agus alltacht uirri go mbéadh mo leithéid-se beó ar chor ar bith. Tig crathadh ball uirri ar fheiceál na sgeine fuiltighe dhi. Acht fan. Cuirfidh mise eagla ort, i ndáir­íribh, a óigbhean áluinn.

“Ó, a Mhichil,” ar sí leis an bhfear óg a bhí i n‑éindigh léithi, “ó, a Mhichil,” ar sise, “abair le Máire theacht isteach; a leithéid de radharc ní fheicfidh sí arís choidhche.”

“Tá cineál sgátha uirri agus an bealach atá léithi⸺” ars’ eisean, acht nár chuala mé féin é. “A Mháire! a Mháire! Gabh i leith go bhfeicidh tú é,” ars’ an bhean óg ag dul go doras an bhotha agus gan aon áird aici ar ghlór­thaibh an fhir a bhí i n‑éindigh léithi, “a leithéid de iongantas ní fhaca do dhá shúil fós ariamh.”

Tháinic Máire isteach, acht níor thugas sunndas dhi. Bhí mo dhá shúil ar dhúnadh agam, agus mé ag iarraidh a bheith ag cuimh­neamh céard ab’ fheárr a dhéanamh le mór-eagla