Page:Deoraidheacht (1920).pdf/46

This page has been validated.
46
Deoraidheacht

ceapadh go ndéan­fainn cleas éigin a chuir­feadh sgáth ar a chomh­arsain. Gleó agus torann taobh amuigh ’san bpáirc. Gail-innleacha ag gabháil cheóil agus ag sgréach­ghail gachré uair. Sgairt­eacha gáiridhe ó dhream annseo. Glórtha feargacha bagar­thacha ó dhream thall.

Acht ní raibh aon áird agam ar a raibh ar siubhal. Oiread is aon liúgh amháin eile níor leigeas asam. Ní raibh de chosamh­lacht orm acht an chosamh­lacht bhíodh ar an mnaoi reamhair agus a dóthain mhór ithte agus ólta aici. Mo cheann leigthe siar. Mo dhá shúil leath-dhúnta. Gan cor asam acht oiread leis an gcuaille bhí i dtalamh lem’ ais. Acht má bhí cosamh­lacht an tsuaimh­nis agus an tsógha orm, ní suaimh­neas ná sógh bhí ’mo chroidhe. Ó d’imthigh Máire agus a fear níor fhan aon mhisneach agam. An bhuile agus an ghráin agus a cuthach bhí ag gabháil dom i gcaith­eamh an lae, ó shroich­eas mo bhaile dhúth­chais, bhíodar sgartha liom. Acht níor fhág sin mé gan a bheith corruigh­the, agus corruigh­the go mór. Corruigh­the mar bhíos an fhairrge thar éis na gaoithe móire. Ní haon droch-chinn­eamhain a rug orm cheapas. Mé féin agus mé féin amháin ba ciontach le n‑a dtárla dhom. ’Tuige nach raibh sé de rath orm í phósadh, bíodh is go rabhamar ar bheagán féin? Dá bpósainn, ár ndóigh bhéadh lúth na ngéag agam anois, bhéadh bean agam, agus dá mb ’é toil Dé é, bhéadh clann mhac agus inghean ag éirghe suas ’mo thim­cheall….

An smaoineadh deireannach seo tháinic chugam, is mór a chuaidh sé ar mo chroidhe. Agus mar ba gnáthach liom, nuair a thos­uighinn ag déanamh macht­naimh ar na beann­achtaibh nár seóladh ’mo threó ariamh, bhíodar le feiceál go soiléir agam, ós comhair súl m’intinne, ’n‑a bpioc­túiríbh breághtha daithte agus iad ag teacht agus ag imtheacht gan faoiseamh.

Ní raibh aon áird agam ar an bhfear beag buidhe a bhí dom’ ghríosadh agus ag iarraidh orm sgréach eile a chur dhíom; ní raibh aon áird agam ar an tormán bhí taobh amuigh