Tá na daoine imthighthe. Tá an taisbeántas ar fad ’n‑a shuan. Tá an fear beag buidhe féin ’n‑a chodladh—codladh gan dúiseacht ort, a bhioránaigh! Ní’l le clos agam-sa, ’mo bhothán, acht beithidheach allta éigin de bheithidhighibh an fhir bhig bhuidhe, agus é ag gabháil anonn ’s anall ’n‑a phríosún. Anonn ’s anall, anonn ’s anall gan faoiseamh, mar bhéadh cuimhne aige ar ar fhág sé ’n‑a dhiaidh ’n‑a thalamh dhúthchais—ar na beannachtaibh nár seóladh ’n‑a threó…acht b’fhéidir nach bhfuil air acht galar goile thar éis ar ith sé de bhiadh.
D’imthigh leath-uair. D’imthigh uair. Dhá uair. Trí huaire. Ní raibh aon chodladh ag teacht orm, acht mé dhom’ chaitheamh féin ó thaobh go taobh. Sgathamh ag iarraidh a dhéanamh amach an é an díleágadh nó na sean-chuimhní is measa bhí ag gabháil de’n bheithidheach allta úd nach bhféadfadh a shuaimhneas a ghlacadh ’n‑a charcair. Sgathamh eile, ag ceapadh cé’n raic a béadh ann dá sgaoilinn saor é.
Acht ’sa deireadh b’éigin dom éirghe agus bualadh amach faoi’n aer.
XI.
An raibh a leithéid d’oidhche ann cheana ariamh? Nach í atá meirbh brothalach? Ní fhanfadh duine ar bith ’n‑a leabaidh agus an oidhche chomh breágh is tá. (Na diabhail! Mara nighidh siad na pluid úd, beidh droch-obair ann. Mo choinsias, beidh!) Déanfaidh braithlín agus súsa mé….
Casaim an braithlín ’mo thimcheall agus luighim ar an talamh tirim cois sgeiche ar imeall na páirce. Ní’l aon áird agam ar ghlórthaibh éagsamhla na mbeithidheach allta tá faoi ghlas lem’ ais. Féachaim anonn treasna an chuain ar shean-chnocaibh clochach’ na Bóirne. Táid gorm. Tá an spéar gorm. Acht féach an difridheacht atá idir an dá ghorm úd. Shílfeá go raibh na cnuic ag bailiughadh chuca a raibh