féin gur ’san bpáirc seo a bhuaidheas an geall ar choisidheacht fad ó? Agus nach agam a bhí an choisidheacht an uair sin! Shíl m’ athair bocht (ar thaobh na fírinne go raibh sé), nach raibh aon stócach eile i gcrích Fódhla a bhí i n‑an’ mé shárughadh. B’fhéidir nach raibh an lá sin. Tá indiu. Acht dá mbadh ag cuimhniughadh ar rud mar sin a bhéinn, ní baoghal go mbéinn chomh suaimhneach sásta is bhíos i gcaitheamh na hoidhche.
An é breacadh an lae é? Ní’l fuaim dhá laighead le clos. Tá na beithidhigh allta féin ’n‑a gcodladh. Tá gileacht le tabhairt faoi deara i ngorm na spéire ’san Domhan Thoir. Tá an ghileacht úd dhá leathnughadh féin ar fud na spéire, mar bhéadh braoinín beag bídeach bainne dóirtfí isteach i ngloine uisge. Tá an ghileacht ag iarraidh a bheith ag fagháil treise ar an ngorm. Comhrac atá ar siubhal eatorra. I leabaidh a chéile tá an ghileacht ag fagháil an ceann is feárr ar an doircheacht. I leabaidh a chéile tig atharrughadh datha ar na cnocaibh, agus ar an bhfairrge agus ar na croinntibh atá lem’ ais. ’San spéir thoir atá an ghileacht ar fad dhá cruthughadh. Tá na réaltóga dhá múchadh. Ní léir dhom anois acht na cinn is gile. (Nach deas fileata na hainmneacha thugas orra i lár na hoidhche nuair nárbh’ eól dom a n‑ainmneacha ealadhanta?) Tá na cinn is gile féin ag dul i n‑éag. Obair iongantach atá ar siubhal ’san spéir thoir. An taobh spéire úd a bhí gorm ar ball beag tá sé ’n‑a dhearg agus ’n‑a chorcra anois, acht go bhfuil na dathanna deighilte ó n‑a chéile. An dearg i n‑íochtar. An corcra ós a chionn, acht nach féidir a rádh go cinnte cá dtosuigheann an corcra agus cá gcríochnuigheann an dearg. Ós a chionn sin atá an gorm, go bun na spéire thiar, agus an ghileacht ag fagháil treise air gach nóiméad.
Céard sin? Fuiseóg, agus í i bhfolach ’sna spéarthaibh. Acht sgaoileann sí anuas chugam an sruth ceóil ba bhinne