sé ar nós an bhric. Agus ó’n lá sin anuas choinnigheas-sa cliú mo mhuintir’ i n‑áirde. Na daoine a bhí faoi mo chúram, na mná go mór-mhór, ní ’mo mhaighistir orra a bhíos, acht mar bheinn in loco parentis…agus má tá m’athair atá ’san bhflaitheas ag féachaint anuas ar a mhicín mhúirneach anocht, d’fhéadfadh sé a chruthugadh…”
Leis an gcaoi a ndubhairt sé an chaint, le chomh corruighthe ’s bhí sé, le chomh dúthrachtach ’s bhí sé, b’fhacthas dom go raibh sé i ndáiríribh—gur cheap sé go raibh fúm an bhean reamhar a mhealladh. Acht ní raibh agam acht cuid de’n sgéal. D’imthigh na bliadhanta sul ar thuigeas i gceart é. Cheapas i dtosach mo chuid-se de’n sgéal a nochtadh dhó, acht bhí diabhlaidheacht éigin orm. Bhí mé ag smaoineadh ar bheart, agus dá n‑éirigheadh liom bhéadh greann ann.
“Caithfidh mé sgaradh leat, a fhir óig,” ar seisean, “bíodh is nach bhfuil de locht agam ort é sin amháin.”
“Má’s éigin dom imtheacht,” arsa mise, agus is beag nár bhris gáiridhe orm, “nach bhféadfaidh mé í bhreith liom?”
“Í bhreith leat, an eadh?” ar seisean, agus shíleas go raibh sé ar tí mé bhualadh, “Í bhreith leat! Í bhreith leat! Mh’ anam ó’n diabhal agus gan droch-ní ar m’anam, mara bhfuil sé ar buile i ndáiríribh!”
“Ní ar buile atáim,” arsa mise, go deas réidh, “acht i gcleamhnas.”
“I gcleamhnas!”
Is beag nach ndeacha sé i laige. B’éigin dom focal éigin a rádh nó bhéinn ’sna trithíbh gáiridhe.
“I gcleamhnas!” ar seisean an ath-uair.
“I gcleamhnas,” arsa mise, “nach gcreideann tú mé?”
Dhearc sé orm. Dhearcamar ar a chéile.
“Fiafruigh dhi féin é, mara gcreideann tú mé,” arsa mise.
Chuaidh duine dá mhuintir thar dhoras an bhotha.