“Abair le Neil a theacht annseo,” ar seisean leis, “abair léithi gur mise chuir fios uirri.”
(Neil a bhíodh aca ar an mnaoi reamhair).
Thainic an bhean reamhar agus eagla an domhain uirri. Nach aige bhí an smacht uirri? Bhí sí i riocht a dhul i laige roimhe.
“Bhíodh misneach agad,” arsa mise léithi.
Thosuigh sise ag gol.
“Shíleas go raibh tú sásta leis mar chleamhnas,” ars’ an fear beag buidhe léithi, “acht mara bhfuil…”
Níor chualas a thuilleadh, má dubhradh é, mar do leig sise streancán eile guil aisti.
“Bhfuil tú sásta an fear seo phósadh?” ar seisean. “Abair go bhfuil nó abair nach bhfuil.”
“An fear seo a phósadh?” ar sise tríd an ngol agus iongantas uirri.
“ ’Seadh, an fear seo a phósadh. Bhfuil tú sásta, adeirim?”
Níor labhair sí. Cheap sí gur ag magadh fúithi bhíomar beirt, acht níorbh’ eadh. Bhí an fear beag buidhe i ndáiríribh fíre.
“Tá náire uirri romhat-sa,” adeirim féin leis, “acht bhí sí lán-tsásta mé phósadh ar maidin. Nach raibh anois?”
“Bh‑bhí‑í‑í, bhí,” ar sise, ag triomughadh na súl dhi.
“Tá sé ’n‑a chleamhnas,” ars’ an fear beag buidhe, “acht is mian liom,” ar seisean, “an uile shórt a bheith i gceart agus i gcóir againn. Bíodh fiadhnaidhthe againn,” ar seisean, “go bhfuil an fear seo sásta an bhean seo phósadh. Bíodh fiadhnaidhthe againn,” ar seisean, “go bhfuil sise sásta eisean a phósadh. Bíodh sé ’n‑a dhubh agus ’n‑a bhán againn,” ar seisean, “bíodh sé faoi láimh agus faoi shéala na beirte atá i gcleamhnas,” ar seisean ag tarraint páipéir mhóir as a phóca.