Page:Deoraidheacht (1920).pdf/58

This page has been validated.
58
Deoraidheacht

XIII.

Timcheall ’s leath-uair sul ar fosgluigh­eadh na geataí cé bhuail­feadh isteach chugam acht an fear beag buidhe. Bhí cosamh­lacht air go raibh sé an-tsásta leis féin, agus leis an gcleamh­nas bhí déanta aige dhom, agus leis an saoghal go léir. Níor dhearmad sé a lámha a nighe i n‑aer; níor dhearmad sé an tsúil a chaochadh orm, agus nuair d’fheicfeá ag caochadh na súile é, agus nuair d’fheicfeá an meangadh thagadh ar a bhéal, agus an chaoi a bhíodh a shrón fhada chrotach agus a smigín biorach ag iarraidh a bheith ag pógadh a chéile ós cionn a bhéil, ní fhéadfá gan gáiridhe dá mbéitheá taobh le aon gháire amháin. Bhí lampa crochta as sail a bhí ós ár gcionn, agus leis an mbealach ar thuit an solus anuas ar a éadan buidhe agus leis an ngreann agus leis an ngleac­aidheacht bhí ’san éadan sin, déarfá nár cuireadh ar an saoghal é acht le daoine a chur ’sna trithíbh gáiridhe. Ar chaoi ar bith do phléasgas féin, bíodh is go raibh a fhios agam go raibh faoi cleas a imirt orm. Phléasg seisean. Phléasg an bheirt againn i n‑aon­fheacht. Do chlosfeá gach sgairt gháiridhe uainn treasna na páirce. Bhuail sé faoi le mo chois gan cuireadh gan iarraidh. Thosuigh sé dhom’ dhingeadh ’san taobh le n‑a leath-uilinn. Thugas-sa an cor céadna dhó. Phléasg­amar beirt an ath-uair, acht is beag a bhí a fhios ag an ngleac­aidhe cé’n chúis gháiridhe a bhí agam-sa.

Faoi dheóidh, tháinic a chaint chuige.

“Ríméad an domhain atá orm, a mhic ó,” ar seisean, “go bhfuil sí agad ’sa deireadh thiar.”

Níor labhaireas féin. Leigeas orm go rabhas cúthalach.

“Má tá sí roinnt reamhar féin,” ar seisean, “nach amhlaidh is feárr é?”

Bhí socruighthe agam céard a dhéan­fainn. Cheapas beagán grinn a bhaint amach dhom fhéin, dá mb’fhéidir é.