Page:Deoraidheacht (1920).pdf/68

This page has been validated.
68
Deoraidheacht

XV.

Lonndain arís! An chathair mhór uath­bhásach úd atá ag síor-shíneadh na ngéag leis na daoine atá i bhfois­geacht na gcéadta míle dhi a tharraint chuici dhá mbuidh­eachas, agus le n‑a ndéanamh ’n‑a cosamh­lacht féin, le n‑a slugadh, le n‑a n‑alpadh, le n‑a n‑ath­chumadh.…

Agus bhíos-sa ag déanamh ar an áit úd chomh tapaidh is bhí ’san ngail-inneall mé thabhairt ann. Nach n‑éir­eóchadh liom? Nach raibh páidhe ráithe le fagháil agam ó’n bhFear Beag Buidhe? Nach rabhas cleach­tach ar obair de’n tsaghas a dhéanamh arís? Bhí an misneach mór agam, acht mar sin féin, b’fhacthas dom agus mé ’mo shuidhe ’san traen úd, nach ag déanamh mo leasa a bhíos. B’fhacthas dom nach raibh i ndán dom acht an droch-shaoghal, agus an droch-chríoch, bíodh is go raibh m’intinn agus mo mheabhair agus mo thuigsint ag cur i n‑úil dom gur deagh-chríoch bhéadh ar mo thuras, m’intinn agus mo mheabhair agus mo thuigsint ag rádh liom a dhul ann, agus mo cheart a bhaint amach; ag innseacht dom go n‑éir­eóchadh liom ’san deireadh; tréith eile dhíom bhí níos treise agus níos cumhach­taighe ná an intinn, níos beódha ná an tuigsint ag déanamh tuair agus tairn­gireacht’ dhom nach raibh mé acht ag dul i mbealach mo bhasgtha. Dá bhféad­ainn filleadh ’chomh­fhadh ’s bhí an comhrac seo ar siubhal, is cinnte go bhfill­finn, acht bhí an traen ’san bport sul a raibh sé thart.

· · · · · · · · · ·

Tá an cath mór tugtha. Tá buaidhte ag an intinn agus ag an tuigsint ar an tréith neamh-aith­nighthe do-thuigthe úd bhí ag iarraidh orm filleadh. Táim i lár na cathrach cheana féin. Tá an tuigsint ag labhairt arís: Nach bhfuil eólas céirde agam anois, rud nach raibh agam nuair a casadh an Fear Beag Buidhe liom i dtosach? Duine ar bith d’fhéach­fadh orm