Page:Deoraidheacht (1920).pdf/69

This page has been validated.
69
Deoraidheacht

nach mbéadh fhios aige cé’n saidh­bhreas mór a bhí ’mo leithéid, dá mbadh rud é go raibh eólas dá laighead aige ar shaoghal lucht tais­beántais. Ar ndóigh ní raibh orm acht a dhul chuig tais­beántas ar bith, an folt bréagach a chur ar mo cheann, na slabhraí práis a chur faoi mo chom agus faoi mo mhuinéal, mo ghruadh a dath­ughadh, sgréach an Fhir Bhig Bhuidhe a leigint agus bhéadh posta agam ar áit na mbonn! Nach raibh na slabhraí práis, agus an folt bréagach agus na dathanna féin ’san mbosga agam? Bhí saoghal mór rómham: Cáil mhór agus roinnt de’n tsaidh­bhreas—an oiread is choth­óchadh mé i nÉirinn nuair a thiocfadh an tsean-aois orm. Filleadh a-bhaile chuig mo mhuintir mar cheapas agus mé ’san traen? Ní raibh ann acht díth céille. Nach raibh roinnt bheag airgid agam? Nach raibh suas le dá sgór punnt le fagháil agam ó’n bhFear Beag Buidhe? Nach raibh áit le fagháil agam i dtais­beántas ar bith, dá dtog­ruighinn a dhul ann? Agus céard d’fhéadfainn a dhéanamh ’san mbaile, áit nach mbéadh fáilte rómham b’fhéidir?

Acht b’fhéidir nach gcuir­feadh an diabhal buidhe úd mo chuid airgid chugam go luath? B’fhéidir gur chaitheas an iomarca ar an turas? Isteach liom i n‑áit chúl­ráideach agus chomh­aireas a raibh agam ’san sparán. Ní mó ná sásta leis a bhíos. Acht bhí an oiread ann is choth­óchadh mé go ceann dhá mhí ar a laighead. Acht má’s rud é nach gcuirfidh an sumachán buidhe úd mo chuid chugam roimhe sin, céard a dhéanfas mé?

Ní raibh an cheist úd réidh­tighthe agam go dtáinic boladh trom feóla a bhí ’ghá gríosadh chugam i leith treasna na sráide ar an ngaoith. Bhí ocras orm. Ní mórán d’itheas ó d’fhágas Gaillimh. Bhí béile mhaith uaim gan aimhreas. Bhuaileas anonn agus isteach liom i dteach ithe, agus leagas ar an mbiadh a cuireadh ós mo chomhair go fonnmhar agus go dích­eallach.

Ní raibh an biadh ithte agam baileach, go dtugas faoi