Page:Deoraidheacht (1920).pdf/71

This page has been validated.
71
Deoraidheacht

droch-fhoclaibh sgaoil sé uaidh, níor chuir sé isteach ’san gcaint iad acht le snas a chur uirri, ar an mbealach céadna is chuireas file buadh-fhocal mór-fhuaim­neach isteach ’n‑a dhán leis an rannaidh­eacht a dhéanamh ceart. An fear bocht, níor tugadh aon oileamh­aint dó; agus munar hinn­sigheadh aon tslighe eile dhó le n‑a dheagh-chroidhe mhór a nochtadh, cé’n milleán dhó a shlighe féin a cheapadh?

Ní rabhas thar deich nóiméid ’n‑a chuid­eachtain go raibh fhios fátha mo sgéil aige go beacht agus go hiomlán.

“Téanam,” ar seisean, “agus cuirfidh mise ar bhealach do leasa thú: is fada mé ag feitheamh le faill fhagháil ar an mbior­ánach buidhe bradach sin.”

“Bhfuil aithne agad air?” adeirim-se.

“D’fhéadfá a rádh go bhfuil. Tá sean-aithne agam air, a mhic ó. Acht cér casadh leat-sa é?”

D’innis mé sin dó.

“Agus tá páidhe ráithe agat air?”

“Tá.”

“Ar thairg sé aon phighin duit ag imtheacht duit?”

“Níor thairg. Dubhairt sé go gcuir­feadh sé chugam é.”

“Agus tá fiadhnaidhthe agad, ar ndóigh?”

“Tá.”

“Caithfidh sé a chur chugad. Seo, beir ar do hata, agus téanam liom-sa.”

Thug sé go hoifig dligh­eadóra mé. Mhínigh sé mo sgéal dhó. D’éist an fear dlighe leis go foigh­deach. Bhí togha aithne aige air, mar is iomdha duine a bhí ag éileamh a chirt thug sé chuige cheana.

Chuir an fear dlighe cúpla ceist orm. Bhí ainm an Fhir Bhig Bhuidhe ’n‑a leabhar aige cheana. Ní raibh ann acht cneamh­aire de réir mo duine. Acht chuir­feadh seisean eagla air. Chuir­feadh sé ar creathadh é. Chuir­feadh sé an sparán mór a bhí aige i laighead. Bhain sé airgead as cheana, agus bhain­feadh arís, má bhí dlighe ar bith ann.