XVI.
An sean-lóisdín fuair muintir an ospuidéil dhom atá agam arís. ’San sean-tseómra atáim, agus an phioctúir bheag úd ’n‑a raibh an triúr fear óg ag ól go suaimhneach dhóibh féin, níor baineadh anuas de’n bhall fós é. Ag dearcadh dhom ar an triúr fear óg úd (agus leis an gcaoi a bhfuil an ghrian ag deallramh orra, shílfeá go raibh an-bháidh aici dhóibh), táim ag iarraidh a dhéanamh amach cé’n fáth go bhfuil an fháilte mhór ag muintir an tighe seo rómham. Ní rabhas lághach croidheamhail. Is fánach labhrainn leó. A dhul amach ar maidin agus a theacht isteach tráthnóna, agus beannughadh dhóibh uair ar bith casfaí liom iad, sin a raibh de bhaint agam leó ariamh. Acht bhí an t‑airgead agam. Bhíos i n‑an’ mo bhealach a íoc. Ní raibh pighin aca orm. Roimh an méid airgid a ceapadh a bheith agam bhí an fháilte aca, agus ní rómham féin.
Nach aca bhéadh an fháilte rómham nuair d’innseóchainn dóibh go raibh mo chuid airgid caithte? Sgiúrtóg féin ní raibh agam anois. Bhí bean an tighe ag súil le roinnt uaim cheana féin. Níor iarr sí aon phighin orm fós, le n‑a béal ar chaoi ar bith. B’fhéidir gurab amhlaidh bhí sí ag ceapadh go raibh an t‑airgead agam agus nach rabhas sásta a thabhairt dhi, nach duine cneasda bhí ionnam ar chor ar bith. Níor ceapadh ariamh gur duine uasal bhí ionnam go dtainiceas ’un an tighe seo an chéad uair. Bhí flúirseacht airgid agam ann go dtí anois féin agus gan smeach oibre le déanamh agam, agus mar sin de, ní iongnadh ar bith é gur cheap an bhean seo gur duine mór a bhí ionnam.
Ní meas mór bhí agam uirri, acht mar sin féin, ghoill sé go trom orm í a bheith ar a mhalairt de bharamhail. Ba mhian liom an droch-lá úd a chur ar cáirde.
Acht do chaithfinn airgead fhagháil le sin a dhéanamh. Cá raibh sé le fagháil? Le mí anuas níor leigeas lá thart gan