Page:Deoraidheacht (1920).pdf/79

This page has been validated.
79
deoraidheacht

acht ar dhearcadh ar chlog dhom, chon­naiceas nach raibh sé mórán thar an naoi: ní bhéadh an oifig fosgailte. Bhí páirce mhór i ngar dhom, agus bhuaileas isteach ann le cúpla uair a chaith­eamh.

Samhradh beag na Féile Michíl a bhí ann, acht bhí an ghrian chomh lonnrach soill­seach is bhí i dtosach Lughnasa. Ní mórán daoine a bhí le feiceál thart chomh luath seo, acht i n‑aon chúinne amháin de’n pháirc. Bhí an cúinne sin lán. Is ar éigin a gheobhthá leithead do dhá bhonn innti. Bhí an áit dubh leó, agus iad uile ’n‑a luighe ar an talamh. Lucht fáin agus seachráin bhí ionnta go léir. Bhí cuid aca ann, agus b’é an chuid ba líon­mhaire é, a bhí ar a mbéal fútha ar an talamh. Cuid eile ar shlat­rachaibh a ndroma, agus aghaidh tugtha aca ar spéar­thaibh néimhe. Cuid aca ’n‑a gcodladh. Cuid eile ’n‑a ndúis­eacht. Fear annseo ag tabhairt na mionn a sgoilt­feadh carraig­reacha na Bóirne. Fear thall ag síneadh na ngéag, agus ’ghá thochas féin; agus shílfeá air go mba mhór agus go mba mhill­teach an obair air é.

Na sean-chiolcaisí a bhí orra, má leigeann siad gaoth fhuar reóidhte an gheimh­ridh isteach, ar ndóigh leigeann siad teas breágh na gréine soill­sighe isteach freisin ar an nós céadna. “Mara bhfuil agad móin, déan do ghoradh le gréin,” ceapann siad uile go léir.

Níor chuir an cúinne seo de’n pháirc aon ní i gcuimhne dhom acht fathach mór fuathmhar a mbéadh galar gránna brocach air—galar millteach a bhí ag lobhadh a chuid feóla, agus ’ghá ithe go cnámh, agus a bhí le feiceál ’n‑a spotaíbh móra dubha ag teacht amach thríd an gcraic­eann. Agus leis an bpéin a bhí air ó’n ngalar bhí dath glas ar a chraic­eann, shíleas; agus bhí lúbarn­ghail ’n‑a chuid feóla a bhain crathadh as na spotaíbh dubha úd anois agus arís.

Rinneas féin mo ghoradh le gréin freisin ar bhrollach an fhathaigh fhuath­mhair ghalraigh úd.

· · · · · · ·