Ní rabhas taobh amuigh de’n doras gur thuigeas céard a bhí déanta agam. Dá mbadh rud é go gcuirfí an t‑airgead chugam, ní mise a gheobhadh é. Thugas “amadán” agus “pleidhce” agus ’ch aon tsórt orm féin. An mheisge ocrais agus an bhuile bhí orm ’san bpáirc, d’imthigh siad dhíom. D’imthigh an t‑ocras féin. Níor mhothuigheas a dhath dhe orm. Bhuaileas isteach ’san bpáirc an ath-uair. Chaitheas mé féin ar an talamh ar mo bhéal fúm. Tháinic lag-mhisneach orm. Thosuigheas ag gol, acht níor airigheas go rabhas ’mo chodladh.
· | · | · | · | · | · | · |
Bhí an oidhche ann nuair a dhúisigheas. Acht b’eól dom, ó’n torann a bhí ag teacht chugam treasna na pairce ó’n gcathair, nach raibh ann acht tús oidhche. Thar éis an lae the, tháinic an oidhche fhuar, mar ba ghnáthach i ndeireadh an fhoghmhair. Ní raibh mo chuid éadaigh go ró-dhona, acht mara raibh féin, b’fhacthas dom go raibh an fuacht ag dul go cnáimh ionnam.
Shiubhlas go tapaidh treasna na páirce, mar dhuine a mbéadh saothar mór le déanamh aige. Ní raibh aon smaoineadh ’mo cheann acht cé’n bealach ab’ fheárr dhom an t‑ocras mór a bhí orm a chosg. “Biadh an leigheas is feárr,” adubhras liom féin, agus thosuigheas ag gáiridhe. Na daoine atá ag gabháil an tsráid, stadann siad agus féachann siad orm le hiongantas.
Feicim ruainne aráin leathtaobh an chasáin. B’fhéidir gur páisde a chaill é ag gabháil chun ’na sgoile dhó. Beirim air. Glanaim é i sgiortaíbh mo chasóige. Ithim leath dhe go buidheach beannachtach, agus cuirim an leath eile i dtaisge i bpíosa páipéir ’mo phóca.
Tá teach óil faoi n‑a chuid solus ar m’aghaidh amhach. Tá sgata fear ’n‑a seasamh leis an mballa. Na creabhair a bhíos ag súghadh fola na gcapall agus na mbó, an rud a chuir siad i gcuimhne dhom. Sheasas leis an mballa ’n‑a measg go neamh-aireach, díreach is dá mbéinn ann ó thús aimsire.