Page:Deoraidheacht (1920).pdf/84

This page has been validated.
84
DEORAIDHEACHT

Bhí fear caol árd, agus rian na bolgaighe ’n‑a éadan ’n‑a sheasamh lem’ ais.

Tháinic fonn cainte orm féin. Focal níor labhair mé le duine ná deóruidhe le dhá lá acht an cúpla focal úd a labhair mé leis an gcléir­each.

“A’ raibh Alf Trott annseo indiu?” adeirim-se. (Alf Trott a bhí ar an bhFear Beag Buidhe).

Tháinic iongantas air nuair a labhair mé leis.

“Trott—Trott—Alt Trott—Trott,” agus dubhairt sé an t‑ainm fiche uair i ndiaidh a chéile mar bhéadh sé ag cur duine eicínt i gcuimhne dhó féin.

Chuala cuid eile aca an cheist a chuireas air.

Thosuigh duine aca ar an bhfocal “Trott” a rádh arís agus arís eile, mar bhéadh sé ag fagháil an-tsásaimh ann. Thosuigh duine eile ar “Trott—Trott—Trott,” a rádh, agus tosuigh duine eile fós ar “Trott—Trott—Alf Trott,” a rádh freisin.

Ní raibh duine ann nach raibh an focal sin dhá chrádh. Cuid aca ag rádh go raibh sé ann ar maidin. Cuid eile nach raibh sé ann ó arbhú indé. Shíleas go mbéadh sé ’n‑a achrann.

“Nach é an fear mór beath­uighthe é a bhíos ag imirt cárdaí annseo istigh gach tráthnóna,” arsa duine.

“Ní hé, acht an firín beag tanaidhe a bhíos le n‑a chois,” arsa duine eile.

“Ní Trott atá ar an bhfear reamhar,” arsa ’n chéad duine ar labhair mé leis, “acht Cocs.”

“Agus is Bocs atá ar an bhfear beag. Tá togha aithne agam air,” arsa mise, agus fonn mór magaidh orm, “Bocs agus Cocs atá orra siúd.”

Chuir seo iongantas orra. Níor chuimh­nigheadar ariamh go mb’fhéidir gur Cocs agus Bocs a bhí orra. Thosuigh sé ’n‑a dhíos­bóireacht faoi’n mbeirt. Bhí duine ann agus bhí a fhios aige cá mbíodh Cocs ag obair. Duine eile, agus bhí sé cinnte dearbhtha nach ndeárna sé smeach oibre le n‑a bheó.