agus ceann-faoi agus umhlaidheacht air, feictear dhó nach bhfuil na rudaí atá ’n‑a thimcheall—na tighthe, na ballaí, an tsráid féin—ag iarraidh aon cheó a dhéanamh air, acht i Lonndain ceapann duine de’n tsaghas sin go gcuirfeadh na tighthe móra gruamdha dhá chois é—go dtuitfeadh siad air, le n‑a bhrúghadh síos ’san talamh—dá mb’fhiú leó an trioblóid sin a chur orra féin i ngeall ar shuarachán mar é.
Tighthe móra aoidheachta a bhí ’mo thimcheall anois. An brusgar do fágadh taobh amuigh de gach teach i gcannaíbh móra millteacha, bhí daoine ’ghá chartadh. Seandaoine, idir fir agus mná, a bhfurmhór, agus nuair a thiocfadh cuid aca n‑a méaraibh caola tanaidhe, agus ag glanadh an tsalachair de’n bhiadh bhrocach sin le n‑a gcuid iongan.… Ag cromadh ós cionn na soitheach stáin úd dóibh, i mbreac-sholas na maidne, agus na tighthe móra aoidheachta ag féachaint anuas orra go sgigeamhail, ba gheall le sgata éan mór uathbhásach ocrasach allta iad a bhéadh ag piocadh cnámha duine le n‑a mór-chrobhaibh garbh-chnámach’ i bhfásach. Ag dearcadh dhom orra, tháinic crathadh ball orm, mar thiocfadh ort agus tú ag éisteacht le duine ag sgríobadh gloine.
An Bhean Mhór Ruadh! Nuair a tháinic an smaoineadh chugam cheapas go raibh liom. D’fhéadfainn cuairt a thabhairt uirri siúd tráth ar bith. Bhain mé as, agus dhá mbéadh eochair na bhflaitheas in mo phóca, ní fhéadfadh níos mó luthgháire a bheith orm. Bhí mo chroidhe lán. Bhéadh fáilte ag an mnaoi mhóir ruaidh romham. An Bhean Mhór Ruadh sin d’fhóirigh orm ar nós máthar. B’fhéidir go n‑éireóchadh leis an mnaoi mhóir ruaidh sin a raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire Rómhánach mé a thárrtháil.
Agus d’éireóchadh marach go raibh an seómra fuar folamh rómham. Shílfeadh duine nár chomhnuigh neach ann leis na bliadhantaibh.