Tháinic cumha orm. Tháinic lionndubh ar mo chroidhe nach raibh an bhean úd a d’fhóir ar nós máthar ann le fáiltiughadh rómham anois. Agus an tsúil a bhí agam leis an bhfáilte sin ó chroidhe!
Bhuaileas fúm ar an urlár ’san áit ar shuidheamar beirt ós comhair na teineadh soillsighe an oidhche cheómhar fad ó. Fearacht Chloinne Lir, chumas dán—acht gurab iad mo dheóir na focail a bhí ann. Chaoineas agus chaoineas agus chaoineas go raibh mo dheóir ’gom’ dhalladh. Ní heól dom aon ní, le croidhe duine a thógbháil mar an ngol, acht amháin an gáiridhe, mór-mhór nuair a thagas na deóir go réidh agus go héasgaidh chuig duine, mar tháiniceadar chugam-sa an mhaidin bheannuighthe seo. Le chomh breágh réidh is shileas na deóir, rinne an dreas guil seo an-mhaith de’n tsaoghal dhom.
Bhí baladh agus seitreach na gcapall aníos chugam thríd na siúntachaibh a bhí ’sna cláir. Bhí duine ann freisin agus é ag sguabadh na leac—ag sguabadh agus ag sguabadh agus ag síor-sguabadh, agus b’fhacthas dom nár oibrigh aon duine chomh dian le sguaib ariamh ó’n uair ar chéad-bhain Éabha beart fraoigh le n‑a hárus a ghlanadh. Bhí an sguabadh seo dhom’ chrádh agus b’in comhartha dhom nach raibh an t‑ocras imthighthe, má bhí sos agam ó na piantaibh féin. Idir dhá thaom ocrais bhínn ag tabhairt sunndais do neithibh beaga suaracha de’n tsaghas seo i gcomhnuidhe agus bhídís dhom’ chrádh. Ní i bhfad uaim a bhí an taom eile. Cé’n chaoi a dtiocfadh sé? Níor thugas faoi deara an raibh an duine a bhí thíos fúm ’san stábla ag sguabadh nó nach raibh. An chéad taom eile, agus é sin amháin a bhí ag déanamh buaidheartha dhom. Ní raibh mé an t‑achar seo gan biadh ariamh cheana, agus ní raibh aon eólas cruinn agam. Múisg? Ní headh—ní fhéadfadh múisg a theacht ar dhuine gan aon bhlas a bheith ar a ghoile…acht b’fhéidir go mbéadh a fhios ag an bhfear thíos cá raibh an bhean mhór ruadh úd a