Page:Deoraidheacht (1920).pdf/88

This page has been validated.
88
Deoraideacht

raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire Rómhánach—dá mbéadh ’fhios, bhí liom.


XVIII.

Ar a fheiceál dom an chéad uair, tháinic fuath agus gráin agus alltacht orm le chomh gránna is bhí sé ’n‑a chlodh agus ’n‑a phearsain. Sean-fhear a bhí ann—sean-fhear beag bídeach agus é chomh cromtha ’s chomh lúbtha sin is go gceapfá go ndéanfaí dhá leith dhe dá dtugthaí iarraidh faoi n‑a dhír­iughadh. An t‑éadan a bhí air déarfá gur as an gcloich éibhir a gearradh é, acht nár fhan an ceárd­aidhe le n‑a shaothar a chríoch­nughadh, gur éirigh sé chomh tinn tuirseach sin de, le chomh gránna is bhí sé, is gur fhág sé dhá thuaradh é faoi fhear­thainn agus faoi ghréin na síorraidh­eachta.

Má bhí aon smaoineadh ann, acht an gliocas agus an feall, níor nocht­uigheadh ’san éadan rocach clochach sin é. Ar theacht isteach an doras dhom féin, bhí sé ’n‑a sheasamh le balla. An sguab mhór a bhí ’n‑a láimh aige, bhí sí i bhfad níos áirde ná é agus greim an fhir bháithte aige uirri. Ní raibh chor as. Ba gheall le siabhra é a cheapfadh diabhal a mbéadh fonn grinn air le masladh agus dímheas a thabhairt do’n chineadh daonna agus le magadh a dhéanamh fútha. Cuireadh cuid de chuma agus de chruth an duine air, acht fágadh an sguab ’n‑a láimh le cruth­ughadh nach fear a bhí ann i ndáir­íribh, acht an cineál ainmhidhe bhéadh ’san bhfear marach deagh-mhéin an Chruth­uightheóra. Ceann de na comh­arthaibh uath­bhásacha feictear anois agus arís, imeasg ball de’n chineadh daonna, a thugas léargus dúinn, i n‑aghaidh ár dtola, cé’n bhail a bhéadh orainn dá dtuiteadh a leitéid seo nó a leithéid siúd amach i dtús-shaoghal an chinidh. B’fhéidir gur duine dá shaghas chonnaic an fear úd na n‑aor agus na bhfuath agus na ngrádh, Dean Suift, sul ar cheap sé a aor millteach, Gulli­bhear imeasg na Yadhthú. Bhí na