gcuimhne dhóibh an méid dhá gcomrádaidhthibh a cailleadh ó’n nimh a bhíodh ’sna hearraidhibh ceimiceacha a bhíodh dá n‑oibriughadh aca. Chuireadar i gcuimhne dhóibh, freisin, ar fhulaingeadar féin ann. Mhasluigheadar iad agus thugadar daoine gan spioraid orra. Bhuailfidís iad dá n‑éirigheadh leó a dhul ’n‑a n‑airicis. Acht níor fhéad cuid de’n dream seo cuimhneamh ar aon ní acht an cruadh-shaoghal a bhéadh aca go mbéadh an déantúsán tóigthe arís.
Imeasg na ndaoine a bhí lúthgháireach, thugas sunndas do mhnaoi mhóir. Bhí sí an-chorruighthe, agus í ag spreagadh a muintire féin chun amhráin aitis a chanadh le cur i n‑úil do gach n‑aon cé’n meas mór a bhí aca ar an ndéantúsán, agus ar an muintir ar leó é. Tosuigheadh ar an amhrán aitis, agus canadh go bríoghmhar agus go buadhmhar é. Agus bhí fuath ann, freisin. Gach ar fhulaingeadar de phiantaibh agus de phionnós agus de dhroch-úsáid ’san ndéantúsán a chuir an fuath san amhrán. Acht ba threise leis an aiteas…nach raibh an droch-úsáid agus an ghéar-fhulaint thart go ceann tamaill ar chaoi ar bith?
Lasadh suas éadan na mban lúthgháireach agus na mban mbrónach chomh maith le chéile. Ní chreidfinn ó mo dhá shúil é, go mb’ í Mag Mhór, mo chara dílis féin, an bhean mhór ruadh úd a bhí ’n‑a seasamh ar an mballa ag gríosadh na mban. Acht ’sí bhí ann.
Dhruideas ’n‑a haice le labhairt léithi.
Chuaidh lasair a raibh dath na fola uirri, i n‑áirde ’san spéir. Leig an bhean mhór ruadh liúgh aisti, agus ní bhéadh aon duine chomh mí-thuigseanach is go gceapfadh sé go mba liúgh dubróin an liúgh sin. D’éirigh liúgh ó na mnáibh eile—liúgh millteach áthais—agus thosuigheadar ag greadadh bos. Na mná a raibh brón orra ar ball, bhíodar ag teannadh isteach leis an muintir eile i leabaidh a chéile, agus gach uile dhuine aca a thiocfadh chuici leigfeadh an Bhean Mhór Ruadh liúgh eile aisti.