Bhíos ag éirghe chomh corruighthe leis na mnáibh.
“Tá beithidheach céasta na mban ar lár,” arsa mise.
Glacadh suas an focal. Thosuigh an sluagh ’ghá rádh le chéile. ’Sa deireadh sgaoileadh an focal amach ó n‑a míltibh sgórnach i n‑aon gháir mhór amháin.
“Tá beithidheach céasta na mban ar lár.”
Thosuigh bainisteóir an déantúsáin losgtha ag spreagadh na síothmhaor chun na sráide a ghlanadh. Bhí eagla agus sgáth air roimh an sluagh fíochmhar seo. Bhí droch-cháil ar a déantúsán. Ní raibh fágtha dhe anois acht na ballaí dubha, agus cuid de na ballabíbh féin tuitthe.
Bhí na teinte ag dul i ndísg. Acht anois agus arís d’éireóchadh lasair bhán aníos, mar bhéadh leisg uirri sgaradh leis an sean-déantúsán mí-ádhasach. Nuair a d’éireóchadh na lasracha seo i n‑áirde do leigfeadh na mná go léir gáir aitis. Bhí an bainisteóir agus ceann na gconstáblaí i gcómhrádh.
“Caithtear ’san teine é!” arsa bean.
“Caithtear ’san teine é!” arsa bean eile.
Bhí cuthach ar na mnáibh. B’éigin an tsráid a ghlanadh. Chonnaiceas an bhean mhór ruadh i n‑áirde ar bhalla ag bualadh bos agus a gruaig le gaoith; d’fhéachas arís acht bhí sí imthighthe. ’San rúille-búille, is beag nár chailleas í, acht is dócha gur aithnigh sí mé féin, mar níor airigheas ariamh gur cuireadh dhá láimh thréana lán-láidre ’mo thimcheall, gur tógadh ón talamh mé mar do tógfaí leanbh, agus gur tosuigheadh ar mo phógadh arís agus arís eile.
An Bhean Mhór Ruadh a bhí ann.
D’aithnigh na mná oibre eile mé. Thugadar faoi deara gur mé a thosuigh ar na gáirthibh, agus shíleadar mé a bhreith leó le ómós a thabhairt dom. Acht bhagair an bhean mhór orra gan bacadh liom, mar bhí sean-aithne aici orm agus ba duine muinteardha dhi mé.
Ní bhfuaireas cead uaithi coisméig a shiubhal. D’iompruigh