Page:Deoraidheacht (1920).pdf/98

This page has been validated.
98
Deoraidheacht

sí fad an bhealaigh mé, agus a Thighearna! nach í bhí tréan cumasach? Is iomdha gais­gidheach cliúmhar nach raibh chomh láidir léithi.

Lean na mná oibre eile sinn. Níor sgaradar linn go rabhamar ag teach na mná móire. Níor sgaradar linn annsin féin, acht d’fhanadar taobh amuigh ag canadh amhrán i n‑onóir domh-sa go raibh sé ’n‑a lá.


XX.

Tosuigh an bhean mhór:

“Óra, nach ort atá an droch-bhail? Nach ort atá cosamh­lacht an ocrais agus an ghorta? Nach tú a chuaidh i dtanaidh­eacht? Nach tú chaill na feólta? Cá raibh tú, nó céard d’éirigh dhuit, nó cé’n tubaisde tháinic ’do bhealach go bhfuil an dóigh seo ort? Is geall le duine a mbúighfí idir dhá bhróin mhuilinn thú! Go sabh­áilidh Mac Dé sinn! Labhair liom, agus innis dom cár imthigh tú uaim? Ní raibh aon tsúil agam go leagfainn súil arís go deó ort, ní raibh sin….”

Nuair a thos­uigheadh an bhean mhór seo ag caint, is beag faill chainte bhíodh ag aon duine eile. Bhaineadh sí as ’san gcaint, ar nós capaill a bhéadh ag imtheacht ’n‑a chosa­náirde. Nuair a bhíodh sí corr­uighthe, mar bhí anois, ní raibh aon bhreith uirri. Bhéadh ort cluas le héist­eacht a chong­bháil ort féin ar fhait­chíos nach gcloisfeá gach focal, bhídís ag teacht chomh mear sin as a béal. Agus ní raibh an chaint críoch­nuighthe aici fós.

Rug sí ar mo cheann, agus do dhearc sí go géar orm.

“Ó! nach tú atá cosamhail le mo dhear­bhráthairín dílis, Éamonn beag, beannacht na ngrás le n‑a anam? Ní fhacas a oighre ariamh acht thú. Thabhar­fainn an leabhar beann­uighthe gurab é a bhí ann​…​marach an timpist d’éirigh