Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/20

This page has been proofread.
300
Caib. V. 1
Gníomhartha na n‑Aspol


Caibidiol V.

Breith Dé ar Ananías agus ar Shaphíra. Na h‑Aspoil dá gcur i bpríosún.

1Ach do dhíol fear dár bh’ainim Ananías agus a bhean, Saphíra, feirm thailimh. 2Agus, go fiosach d’á mhnaoí, do cheil sé cuid d’fhiach­aibh an tailimh agus chuir sé cuid de’n airgead ag cosaibh na n‑Aspol. 3Dubhairt Peadar, ámhthach: A Ananíais, cad uime gur sprioc Sátan do chroidhe chun bréige a dh’innsint do’n Spioraid Naomh agus cuid d’fhiach­aibh an tailimh a cheilt? 4Nár leat féin é an fhaid a bhí sé agat? agus nuair a dhíolais é ná raibh sé ar do [* 1]chumas féin? Cad chuige dhuit an nídh seo do cheapadh ad chroidhe? Ní do dhaoinibh atá bréag innste agat ach do Dhia. 5Nuair airigh Ananías na focail sin do thuit sé agus fuair fé bás. Agus táinig eagla mór ar a raibh ag éisteacht leif an nídh sin. 6Agus d’eírigh na fir óga agus thógadar é agus do rugadar amach é agus do chuir­eadar é.

7Agus do thárla, i gceann tímpall trí h‑uaire ’chloig, go dtáinig an bhean isteach agus gan a fhios aici cad a bhí tuitithe amach. 8Agus dubhairt Peadar léi: Innis dom, a bhean, an ar a leithéid seo dh’fhiacha do dhíol­abhair an fheirm? 9Agus dubhairt sisi: Is air. Dubhairt Peadar léi: Cad a bhain daoibh gur dhein­eabhair fromhadh ar Spioraid an Tighearna? Siniad ag an ndorus cosa na ndaoine atá tar éis t’fhir a chur, agus béarfaid siad tusa amach. 10Agus do thuit sí láith­reach agá chosaibh agus fuair sí bás. Agus tháinig na fir óga isteach agus fuaradar go raibh sí marbh agus do rugadar amach í agus do chuir­eadar í, i n‑aice a fir. 11Agus tháinig eagla mór ar an eaglais go léir agus ar gach aoinne a dh’airigh na neithe sin.


12Agus bhí mír­bhúiltí agus iongnaí móra d’á ndéanamh ameasg na ndaoine tré lámhaib na n‑Aspol. Agus bhídís go léir, do thoil a chéile, i bpóirse Shalomóin. 13Agus níor leómhaidh aoinne de’n chuid eile dul i bpáirt

  1. .i. Ní raibh bac air é go léir do chimeád.