Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/23

This page has been proofread.
Caib. V. 41
303
Gníomhartha na n‑Aspol

sgiúrsál­adar iad agus dubhradar leó gan labhairt i n‑aon chor i n‑ainim Íosa. Ansan do chuir­eadar chun siubhail iad. 41Ach d’imthigh­dar san a’ radharc na cómhairle agus áthas ortha toisg gur tuigeadh gur bh’ fhiú iad tarcuisne thabhairt dóibh le fulang mar gheall ar ainim Íosa. 42Agus níor stadadar i gcaith­eamh an lae go léir ach ag teagasg na ndaoine agus ag craobh­sgaoile Íosa Críost, sa teampul agus ó thigh go tigh.


Caibidiol VI.

An mórsheisear deochon dá n‑oirdniú. Díoghras Stiopháin.

1Agus ins na laethibh sin, nuair a bhí uimhir na ndeis­giobul ag dul i méid, d’eirigh ceisniomh do sna Gréagaigh i n‑aghaidh na n‑Eabhrach, ’ghá rádh go dtugtí faillighe ’n‑a mbaintreach­aibh féin sa bhfrithál­amh laeth­amhail.[* 1] 2Ansan do ghlaoidh an dáréag na deis­giobuil go léir i gceann a chéile agus dubhradar: Ní cuíbhe dhúinne briathar Dé d’fhágaint agus frithál­amh bórd a dhéanamh. 3Cuard­aighidh, d’á bhrígh sin, a bhráithre, ar bhúr measg féin, mór­sheisear d’fhearaibh creideamh­nacha, agus iad lán de’n Spioraid Naomh agus d’eagna, go gcuiream i mbun na h‑oibre seo iad. 4Agus beimíd féin coit­chianta ag déanamh úrnuigh­the agus ag frithál­amh an bhréithir. 5Agus do thaithn an chainnt leis an bpobul go léir. Agus do thogadar Stiophán, fear a bhí lán de chreid­eamh agus de’n Spioraid Naomh; agus Pilib, agus Prochor, agus Nicánór, agus Tímón, agus Parmenas, agus Nicolás, fear a tháinig chúcha ó Antioch. 6Thugadar na fir sin i láthair na n‑Aspol, agus dhein na h‑Aspoil úrnuigh­the dhóibh agus chuir­eadar a lámha ortha.

7Agus bhí briathar an Tighearna ag fás agus uimhir na ndeis­giobul ag dul i líon­mhaire go mór i n‑Ierúsalem, agus bhí cuallacht mhór de sna sagairt féin tar éis géille do’n chreid­eamh.

  1. Ver. 1. “Na Gréagaigh,” Gréagaigh a tugtí ar na h‑Eabhraigh a rugadh agus do tógadh sa Ghréig.