Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/29

This page has been proofread.
Caib. VII. 58
309
Gníomhartha na n‑Aspol

ar a dtugtí Saul. 58Agus ghabhdar do sna clochaibh i Stiophán agus é ag glaodhach ar Dhia, agus: A Tighearna Íosa, glac chughat m’anam! adeireadh sé. 59Ansan do leig sé é féin ar a ghlúinibh agus dubhairt sé, do ghuth árd: A Thigh­earna ná cuir an peaca so i leith na ndaoine seo! Agus nuair a bhí an méid sin ráidhte aige do thuit a chodla air sa Tighearna.

Agus bhí Saul toil­teanach chun a bháis.


Caibidiol VIII.

Na Samari­tánaigh dá n‑iompódh ag Pilib chun an chreidimh agus an coill­teánach da bhaist­eadh aige.

1Ansan do deineadh, ins na laethibh[1] sin íde ana-dhian ar an eaglais a bhí i nIerú­salem agus do sgaipeadh na daoine go léir tré chríoch­aibh Iúdaéa agus Shamaría, ach amháin na h‑Aspoil. 2Agus thug daoine diadha aire do Stiophán agus chaoin­eadar é go mór. 3Ach bhí léir-sgrios ag Saul ’á dhéanamh ar an eaglais, é ag dul isteach ins na tighthibh agus fir agus mná aige ’á tharrac amach agus é ’ghá gcur i mbraigh­dineas.


4Ach an mhuinntir a sgaipeadh do ghluais­eadar rómpa ag craobh­sgaoile bréithre Dé. 5Agus chuaidh Pilib síos go cathair Samaría agus bhí sé ag craobh­sgaoile Chríost dóibh sin. 6Agus thug na daoine aire do chainnt Philib agus d’éisteadar leis do thoil a chéile, mar chonnac­adar na mír­bhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh. 7Mar bhí a lán acu ’na raibh spioraidí truaill­ighthe ionta agus go n‑imthígh­dís asta ag éigheamh go h‑árd. 8Agus a lán a bhí míllte agus a bhí bacach do leighis­eadh iad.

9D’á bhrígh sin bhí áthas mór sa chathair sin. Ach bhí fear áirithe d’ár bh’ ainim Símón agus bhí sé ’n‑a dhraoi sa chathair roimhe sin agus é ag mealladh muinntire Shamaría, ’ghá rádh gur dhuine mór éigin é, 10Agus thugadh na daoine go léir, beag agus mór, cluas dó, agus deiridís: Cómhacht Dé é seo, an chómhacht ar a dtugtar mór­-

  1. a.d. 33