Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/49

This page has been proofread.
Caib. XIV. 13
329
Gníomhartha na n‑Aspol

ídhbirt. 13Nuair a dh’airigh na h‑Aspuil, Pól agus Barnabas, an nídh sin do raobadar a gcuid éadaigh agus do léimeadar amach imeasg na ndaoine Agus do liúghadar: 14A dhaoine, cad ab áil libh ’á dhéanamh san? Daoine a gheobh­aidh bás, mar sibh féin, iseadh sinne, agus táimíd ’ghá iarraidh oraibh iompáil ó sna neithibh baotha sin ar Dhia atá beó, [1]ó isé chruth­uigh neamh agus talamh agus muir agus gach a bhfuil ionta. 15Ins na h‑aimsiribh atá imighthe do leog sé do sna geintibh go léir gluais­eacht ar a slightibh féin. 16Ach fós níor fhág sé é féin gan cur i n‑úil dóibh, óir thugadh sé tabhar­thaisí ó neamh uaidh, fear­thainn agus tráthana tor­thamhla, agus do líonadh sé ár gcroidhe le bia agus le h‑áthas. 17Agus bíodh gur lábhradar mar sin is ar éigin fhéadadar na daoine do chosg ar ídhbirt a dhéanamh chúcha.

18Ansan, ámhthach, tháinig raint Iúdach agus do mheall adar na daoine agus ghabhadar do chlocaibh i bPól agus tharraig­eadar amach as an gcathair é mar mheasadar go raibh sé marbh. 19Ach bhí na deis­giobuil ’n‑a thímpall agus d’eirigh sé agus tháinig sé isteach sa chathair, agus amáireach a bhí chughainn d’imthigh sé féin agus Barnabas go Derbé.

20Agus dheineadar craobhsgaoile sa chathair sin agus thugadar teagasg d’á lán, agus ansan d’fhill­eadar go Listra agus go h‑Icónium agus go h‑Antioch, 21Ag neartú aigne na ndeis­giobul agus ’á gcómh­airliú chun bheith seas­amhach sa chreid­eamh, mar gur le mórán a dh’fulag nach fuláir dúinn dul isteach i rígheacht Dé. 22Agus do chuir­eadar sagairt fé ghrádh­aibh dóibh ins gach eaglais, agus dhein­eadar úrnuigh­the agus trosgadh, agus ansan thugadar suas do’n Tighearna iad, óir do chreid­eadar ann. 23Agus d’imthígh­eadar treasna na Pisidia agus thánadar go dtí Pamphilia, 24Agus do labhradar briathar an Tighearna i bPergé agus chuadar síos go h‑Attalía,

25[2]Agus chuadar as san go h‑Antioch, a luing, an áit as ar tugadh suas iad do ghrásta Dé chun na h‑oibre

  1. Supra xiii. 1.
  2. Gen. i. 1; Salm. cxlv. 6; Apoc. xiv 7.