Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/56

This page has been proofread.
336
Caib. XVI. 29
Gníomhartha na n‑Aspol

árd agus dubhairt sé: Ná dein aon díobháil duit fhéin; táimíd go léir anso. 29D’iarr sé solus agus chuaidh sé isteach agus chaith sé é féin ag cosaibh Phóil agus Shílais, 30Agus thug sé leis amach iad agus dúbhairt sé: A Thigh­earnaí, cad ’tá le déanamh agam ionus go saorfaí me? 31Agus dubhradar-san: Creid sa Tighearna Íosa agus beidh tú slán, tu féin agus do theagh­lach. 32Agus do labhradar briathar an Tighearna leis féin agus le n‑a raibh ’n‑a theagh­lach. 33Agus thóg sé iad an tráth céadna de’n oidhche agus do nígh sé a gcneadh­acha, agus do baisteadh é féin agus a theagh­lach láith­reach. 34Agus thug sé isteach ’n‑a thigh féin iad agus chuir sé ’n‑a suidhe chun búird iad, agus bhí gáird­eachas air féin agus ar a theagh­lach agus a gcreid­eamh i nDia.

35Agus nuair a tháinig an lá chuir na giúistísí oificeacha, ’ghá rádh: Sgaoilidh uaibh na fir sin. 36D’innis fear cimeádta an phríosúin ar chainnt sin do Phól: Chuir na giúistísí órdú sibh do sgaoile chun siúbhail; anois, dá bhrígh sin téighidh amach agus im­thighidh i síoth­cháin. 37Dubhairt Pól leó, ámhthach: Is fir Rómh­ánacha[* 1] sinn. Do sgiúr sáladh sinn os cómhair an phobuil, gan breith tabhartha orainn, agus do chuireadh i bpríosún sinn. An maith leó anois sinn do dhíbirt uatha a gan fhios? Ní bheidh san mar sin. 38Tagaidís anso, Agus cuiridís féin amach sinn. D’innis na h‑oific­eacha do sna giúistís­íbh an chainnt sin. Tháinig sgannra ortha nuair airíghdar gur bh’ fheara Rómhánacha iad. 39Thánadar agus d’iarradar maitheamh­nachas ortha, agus do rugadar amach iad Agus d’iarradar ortha imtheacht as an gcathair. 40Ach nuair A chuadar-san amach as an bpríosún chuadar isteach i dtigh Lídia, agus chonnac­adar na bráithre agus chuir­eadar sólás ortha. Ansan do ghluais­eadar chun siúbhail.

  1. Bris[illegible]lighe ab eadh fear Rómhanach do sgiúrsáil.