Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/78

This page has been proofread.
358
Caib. XXIII. 35
Gníomhartha na n‑Aspol

a thioc­faidh an mhuinntir atá ag cur ad leith. Agus d’órduigh sé é chur fé chimeád i gcúirt Héróid.


Caibidiol XXIV.

Pól ’ghá chosaint féin i láthair Féilics, an Gobhernóir. An creideamh dá mhúineadh aige dhó.

1Ansan, i gcionn chúig lá, tháinig uachtarán na sagart, Ananías, anuas agus cuid de sna seanóir­íbh, agus cainn­teóir dár bh’ainim Tertullus, agus chuadar i láthair an ghobher­nóra i gcoinnibh Phóil. 2Do glaodhadh Pól agus chrom Tertullus ar é dhaoradh: 3Admhuigh­míd i gcómh­nuíghe agus ins gach ball, Agus le buidhchas mór, a Fhéilics oirdheirc, méid na síothchána atá againn de d’bharr-sa agus liacht na néith atá d’á seóladh ar leas tréd’ mhór­chiall. 4Ach, ionus ná cuirfinn a thuille ríghnis ort, iarraim ort éisteacht, de d’cheann­sacht, le beagán focal uainn. 5Fuaramair an fear so, i n’annsgian, ag déanamh toismisg ameasg na n‑Iúdach go léir ar fuid an domhain agus ’n‑á cheann ar an aicme annrianta san, na Nasa­rénách. 6Do mheas sé an teampall do shárú agus do rugamair air agus cheap­amair breith a thabhairt air do réir ár ndlighe. 7Ach tháinig Lusias, an tribiún, agus neart slógh aige agus bhain sé as ár lámhaibh é. 8Agus d’órduigh sé an mhuinntir a bhí ag cur ’n‑a leith do theacht ad’ láthair-se, agus féadfair féin a dh’fhághail uaidh, ad bhreith­eamh, eólus ar na neithibh seo go léir atá againne á chur n‑a leith. 9Ansan d’aontuigh na Iúdaígh mar an gcéadna agus dubhradar go raibh san amhlaidh.

10Ansan d’fhreagair Pól, (óir do bhagair an Gobher­nóir chuige labhairt):

Ó’s eól dom go bhfuilir-se ad bhreitheamh ar an náisiún so le fada ’bhlian­taibh is móide sin is fonn liom sásamh a thabhairt am thaobh féin. Is féidir duit a dh’fhághail amach ná fuil ach dhá lá dhéag ó chuas go Ierúsalem chun adhartha dhéanamh, 12Agus ní bhfuar­adar me