Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/79

This page has been proofread.
Caib. XXIV. 13
359
Gníomhartha na n‑Aspol

ag aighneas le h‑aoinne sa teampull, ’ná ag cruinniú na ndaoine, ins na sinagóg­aibh, 13Ná ar fuid na catharach; agus ní’l ar a gcumas a thais­beáint duit-se gur fíor na neithe atá acu ’á chur am leith. 14Admhuíghim an méid seo dhuit, ámhthach, i dtaobh na slíghe seo ar a dtugaid siad eiric­eacht, sin mar a dheinimse seirbhís do’n Athair agus do m’Dhia, óir creidim gach uile nídh atá sgríobh­tha sa dlighe agus in sna fáidhibh, 15Go bhfuil mo mhain­ighin agam as Dia, fé mar atá acu so féin, go dtioc­faidh ais­eirighe na ndeagh-dhaoine agus na ndroch­dhaoine. 16Táim féin ag déanamh mo dhíchill áir seo, mo choínsias a chimeád glan i gcomh­nuighe chun Dé agus chun daoine. 17Do thánag tar éis mórán blian chun déarca dhéanamh ar mo dhaoine féin agus chun ofrálach a dhéanamh agus chun móid a chómhlíonadh. [1]18Sa n‑obair sin iseadh do fuaradar me am ghlanadh sa teampull, agus ní le sluagh ná le collóid, 19Ach rainnt Iúdach[* 1] ó Ásia,—agus bhí sé ceart iad san a thabhairt anso ad láthair agus leogaint dóibh neithe chur ain leith má bhí aon rud am choinnibh acu. 20Nú abraidís seo féin é, má fuaradar aon chionn­tacht ionam nuair a bhíos am sheasamh i láthair na cómhairle, 21Ach an t‑aon fhocal amháin úd a labhras amach agus me am sheasamh eatartha: [2]Is i dtaobh ais­eirighe na marbh atá breith agaibhse ’á thabhairt ormsa indiu.

22Ansan do chuir Féilics ar cáirde iad, óir do thuig sé go cruinn i dtaobh na slighe sin agus dubhairt sé: Nuair a thioc­faidh Lusias, an tribiún, anuas éistfead libh Agus d’órduigh sé do’n taoiseach céad eisean do chimeád agus suaimh­neas a thabhairt dó agus gan aoinne d’á mhuinntir a chosg ar fhri­thálamh a dhéanamh air.

24Ansan, tar éis suim laethanta, tháinig Féilics agus a bhean, Drúsilla,—Iúdach ab eadh í,—agus ghlaoidh sé chuige Pól agus d’éist sé le tuairisg uaidh ar an gcreid­eamh atá i n‑Íosa Críost. 25Agus bhí sé ag léiriú dhó ar cheart agus ar gheanm­naidheacht, agus ar an mbreith­eamhantas atá le teacht, agus tháinig crith­eagla ar Fhéilics agus dubhairt sé: Imthigh anois, ach nuair a

  1. .i. do labhair am choinnibh.
  1. Supra xxi. 26.
  2. Supra xxiii. 6.