Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/85

This page has been proofread.
Caib. XXVI.32
365
Gníomhartha na n‑Aspol

thuill­feadh bás ná braigh­dineas dó. 32Agus dubhairt Agrippa le Féstus: D’fhéadfí an duine sin do leogaint chun siúbhail mura mbeadh gur ghairm sé Caesar.


Caibidiol XXVII.

Curtar Pól ar bórd luinge chun dul sa Róimh. A thaisteal agus a long­bhrise.

1Ansan, do socaruigheadh ar dhul ar uisge go dtí an Eadáil agus ar Phól agus na príosún­aigh eile thabhairt ar láimh do thaois­each céad dár b’ainim Iúlius, de bhuídhin Augustuis, [1]2Agus chuamair ar bórd luinge Adrumé­tíghe, chun go seól­faimís fan chiumhais trágha na h‑Ásia, agus thógamair ár seólta. Agus d’fhan i n‑ár bhfochair Aris­tarcus an Mace­donach, ó Thessa­loníca.

3Thánamair an lá ’n‑a dhiaidh san go Sídón. Agus Iúlius ceannsa le Pól agus do leog sé dhó dul chun a cháirde agus aire thabhairt dó féin. 4Ansan d’fhágamair an áit sin agus sheól­amair ar sgáth Chúpruis mar bhí an ghaoth i n‑ár gcoinnibh. 5Agus sheól­amair tré fharaige Chilicia agus Pham­philia, agus thánamair go dtí Lustra, atá i Lucia, 6Do fuair an taoiseach céad, sa n‑áit sin, long Alecsan­dríneach a bhí ag dul san Eadáil agus chuir sé uirthi sinn.

7Ansan bhíomair ag gluaiseacht go ríghin ar feadh mórán laethanta gan teacht ach ar aghaidh Chniduis, mar bhí an ghaoth ’ghár gcosg, agus sheól­amair i gcómhgar do Chréta, lámh lé Salmóné. 8Do sheol­amair thar an áit sin, agus ba dheacair é, agus thánamair go dtí áit ar a dtugtí Deagh­chuanta, i n‑aice le cathair Talassa.

9Ansan bhí mórán aimsire caithte agus bhí taisdeal faraige contabhar­thach mar bhí aimsir an trosgaidh imighthe, agus bhí Pól ag tabhairt cómhairle a leasa dhóibh, 10’Ghá rádh leó: A fheara, chím go bhfuil trácht na faraige ag tusnú ar bheith ana-dhíobhálach agus ana-chontabhar­thach, ní h‑amháin do’n luing agus do’n méid

  1. 2 Cor. xi. 25.