Page:Gníomhartha na n-Aspol.djvu/9

This page has been proofread.

Gníomhartha na n‑Aspol

“Gníomhartha na n‑Aspol” an ainim atá ar an leabhar so ó thusach aimsire na h‑Eagailse, ach ní ceart a mheas, as san, gur seanachas é ar an obair a dhein na h‑Aspoil. Do sgaireadh na h‑Aspoil ar fuaid tíortha an domhain agus bhí an obair a dhein­eadar go fada fánach sgaipithe ó chéile. ní’l sa leabhar so ach tuairisg ghearr ar conus a tusnuígh­eadh ar an Eaglais do chur ar bun. Tá cuid de shean­móiniú Peadair naomhtha curtha síos sa dá chaib­idiol déag atá ar tusach. Is é Lúcás Soisgéal­aidhe do sgríobh é, agus is i nGréigis do sgríobh sé é. Tus­nuígheann an seanchas atá ann ag deas­gabháil Chríost ár dTigh­earna agus stadann sé tímpall na bliana trí fichid a trí, .i. is tuairirg ghearr ar an Eaglais é ar feadh deich mbliana fichid.




Caibidiol I.

Deasgabháil Chríost. Maitias dá thoghadh i n‑inead Iúdáis.


1Do dheineas an chéad chainnt, a Theo­philuis, ar na neithibh go léir a thusnuigh Íosa ar dhéanamh agus ar theagasg, 2Go dtí an lá nar deas­gabháladh é tar éis a aitheanta thabhairt do sna h‑Aspolaibh a thoigh sé, tríd an Spioraid Naomh.

3Agus tar éis é féin a thais­beáint beó dhóibh i ndiaidh a pháise, le mórán dearbh­uithe, i gcaith­eamh dachad lá, ’ghá thabhairt féin le feisgint dóibh agus ag labhairt leó ar rígheacht Dé.


4Agus d’ith sé bia ’n‑a dteannta [1]agus d’órduigh sé dhóibh gan imtheacht a’ Ierúsalem ach fanmhaint le geall­mhaint an Athar, an gheall­mhaint, (ar seisean) [2]a chlois­eabhair ó m’ béal-sa: 5Gur dhein Eóin baiste le h‑uisge ach go ndéanfar sibhse do bhaiste leis an Spioraid Naomh laistigh de bheagán laethanta. 6Agus