Page:Irish Made Easy - Shán Ó Cuív.pdf/107

This page has been proofread.
12
FUAIMEANNA AGUS

Fuaim lag is eadh r sa Bhéarla. Ní deirtear i mBéarla é ruimis consainibh né i ndeireadh focal. Fuaim ana láidir is eadh r leathan sa Ghaedhilg. Bíon bár na teangan ag crith go maith i gcoinnibh na bhfiacal n-uachtarach le linn é dhéanamh. Bíodh na somplaí seo againn mar chleachta:—

URÁ, URÓ, URÚ, URÄ, URY, URA, URO, URU.

Is féidir iad a chleachta, leis, gan aon ghutaí rómpa nú gan aon ghutaí ’na ndiaidh. Ar an gcuma gcéadna is féidir r caol a chleachta leis na somplaí seo:—

ÉRI, ÍRI, ERI, IRI. ÉR, ÍR, ER, IR.

Ni chloistear r caol i dtosach focal inéachor sa Ghaedhilg.

Nuair a deintear úsáid den Aibghitir Idirnáisiúnach chun na Gaedhilge do sgríobh bíon dhá chomhartha ar a luighead i gcóir gach consaine. Ní oireann san ach dos na sgoláirí móra. Bheadh sé ré chruaidh ar fad don ghnáth dhuine agus dos na macaibh-léighinn ins na sgoileanna. Do cheap ár sinnsear slighe eile chun chur i n-úil dúinn ceoca consain chaol nú consain leathan a bheadh ann; do chuiridís comhartha guta i n-aice na chonsaine—comhartha ar a dtugtar sleamhnán—mar seo: ór, ag bailiú an óir. Teasbeánan an i atá ruimis an tarna r gur r caol é sin. Tá an rud san ana choitianta sa Ghaedhilg, agus nuair a thagan dhá chonsain isteach i bhfocalaibh aon tsiolla amháin, ceann aca i dtosach agus an ceann eile sa deireadh, is minic ná tagan leis an macléighinn iad a rádh go cruinn. Má deintear na cinn chaola agus na cinn leathana a chleachta go maith i n-agceann is i n-a gceann, ámhthach, ní fada go bhféadfar na focail aon tsiolla amháin agus an dá shaghas consain ionnta do rádh i gceart. Sid iad rainnt díobh:—

CUIR, CAOIN, COILL, GOILL, GEAL, GAEDHIL.