Page:Leabhar na Polainne.djvu/21

This page has been validated.
17
LEABHAR NA PÓLAINNE.


Ní heol dúinn náisiún ar bith go bhfuil úrnuithe aici is féidir dá clainn go léir do rádh gan scrupal. Ach dféadfadh gach Polannach, pe aca Criostuidhe nó Israelíteach é, pe aca Caitlicidhe nó Protastúnach nó Gréagach é, dféadfadh sé “Guidhe an Oilithrig” do rádh.

Agus, ar an dtaobh eile den scéal, i Liodán na nOilithreach, deinean an ghuidhe úd chun nua-mhartar na Saoirse, agus chun na naomh do thug saibhreas a gcuid fola do Républic na Polainne, deinean sé gach sliocht Pholannach do cheangal dá chéile le slabhra do-bhriste.

Mar sin de, más arc connartha an leabhar so idir Pholainn na sean-aimsire agus Polann na haimsire seo, is arc connartha é, leis, idir an seana-thiomna agus an tiomna nua.

Do chas daoine neamh-aireacha le hAdam Mickiewicz gur dhein sé dia den Pholainn. Ach isé a mhalairt sin díreach adubhairt sé. Feic bhérsa a 6 de bhrollach Leahhar na nOilithreach bPolannach: “Ach ní dia, dáltha Chríost, an náisiún Polannach; fágan san gur féidir d’anam na Polainne bheith ar fán i Limbó agus moill do dhéanamh gan filleadh ar an gcorp, gan éirghe ó mharbhaíbh.” Isé brí na scríbhinne go léir ná nách foláir don Pholainn, mar náisiún, bheith ar a dícheall i gcomhnuí, nísa mhó in aghaidh an lae, ad iarraidh a beatha do chaitheamh chó glan, chó naofa, agus chaith Iosa a bheatha mar shompla don duine, agus fós gurb ionann cás dosna hoilithrig Pholannacha sa tír iasachta agus do phobul Dé san uaigneas, agus nách mór dóibh gearán agus gluaireán agus dith creidimh do sheachaint