Page:Leabhar na Polainne.djvu/73

This page has not been proofread.
69
LEABHAR NA PÓLAINNE.

tanaighe don náisiún an mhaith a bhíon sa taoiseach ná an mhaith a bhíon ionainn féin.

14. Ná fuil fhios agaibh gfur dhein Críost atá ina Dhia feallaire thogha mar dhuine den dá aspol déag? Mar sin de, má dheinean taoiseach, agus gan ann ach duine, cúigear atá go holc do thogha amach a’ dáréag chun oificí agns comharthaí bhronnadh orra, íá sé gan locht.

15. Agus imeasc na nAspol b’é Eoin an té ba mhó go raibh grádh ag Críost dó cé gurbh é ab óigre agus ná raibh aon oific fé leith aige: cé ná raibh sé ina fhear ionaid ar nós Pheadair, ná ceapuithe ina Aspol i gcóir na ngeinte ar nós Phóil, ná ina sparánuidhe ar nós Iúdáis.

16. Agus isé Eoin amháin a thargair sa Tesbeánadh na nithe bhí le teacht agus tugtar Fiolar air; ní fios cadí an chrích a rug é, agus is dó lena lán ná fuair sé bás in aon chor; agus ní deirtar san i dtaobh Aspoil ar bith eile.

17. Chíon sibh mar sin go dtéan seirbhis gan oific in oirdhearcas ó aois go haois.

XV.

1. Táthaci imeasc na gcoigríoch, mar bheadh daoine bheadh ag lorg aoidheana agus ag tabhairt cuire dhóibh teacht chun fleidhe na saoirse ina dtig.

2. Duine dícéillidhe dá raibh ann tráth, thug sé cuire do roinnt aoidheana, agus sé céad rud a dhein sé ná an chamra agnjs na háiteana salacha eile bhí ina thig do thespeáint dóibh i dtreo gur chuir sé déistean orra agus nár mhaith Jeo suidhe chun búird aige.

3. Ach an duine tuisgeanach, ní mar sin a dheinean sé é, ach na haoidheana thabhairt tré phóirse bhreá