Page:Mo sgeal fein.djvu/113

This page has been proofread.

fuaid na cómharsanachta ag soláthar an bhainne dhóibh féin. Ní raibh na fallaí breaghtha ’n-a dtímpal, mar a bhí i n-ár dtímpal-ne, ach measaim gur bh’fhearr an tsláinte a bhíodh acu ’ná an tsláinte a bhíodh ag macaibh léighinn Choláisde Mhaighe Nuadhat, an fhaid a bhí aithne agam-sa ar an áit, ar aon chuma. B’fhéidir go bhfuil an sgéal níos fearr anois acu.


XIV
BAOGHAL AR AN nGAELUINN

An fhaid a bhíos-sa sa bhaile agus gan taithíghe ná eólus agam ach ar na cómharsain a bhí am’ thímpal i bparóiste Chluandrochad agus i bparóiste Bhaile Mhúirne, níor tháinig lá d’á chuimhneamh riamh chúgham go raibh aon bhaoghal ar an nGaeluinn. Ach nuair a chuas isteach sa Choláisde agus chuireas aithne ar bhuachaillíbh a tógadh i n-áiteanaibh eile, agus nuair a fuaras ná raibh aon fhocal Gaeluinne acu, bhí iongnadh agus alltacht orm. Ansan iseadh do buaileadh isteach am’ aigne go raibh an Ghaeluinn ag imtheacht; go mbéadh sí ag imtheacht fé mar a bhéadh na seandaoine ag imtheacht agus na daoine óga ag teacht; go n-eireóchadh sliocht agus an dá theanga acu, Gaeluinn agus Béarla i n-aonfheacht; ansan go n-eireóchadh sliocht i ndiaigh an tsleachta san, agus gan aon fhocal Gaeluinne acu. Nuair a buaileadh an méid sin isteach am’