Page:Mo sgeal fein.djvu/120

This page has been proofread.
XV
GNÓ SAGAIRT; AGUS TEACHT NA BHFÍNÍNÍ

Do ghluais na sé bliana a thugas sa choláisde agus ba mhar a chéile, geall leis, iad go léir. Ní raibh de dheifrigheacht eatartha ach an deifrigheacht a bhí idir na céimeanaibh oibre a bhí againn le déanamh. Bhí a céim oibre féin ceapaithe do gach bliain díobh, bliain abhcóididheachta, bliain ealadhandachta, agus ansan, cheithre bliana diadhachta. Chuireas díom iad gan aon rud neamhchoitchianta do thuitim amach dom. Ní bhfuaras a thuille duaiseana. Níor dheineas aon iaracht ar iad fhághail. Bhí a mhalairt de chúram orm. Ó’n gcéad bhliain amach bhí an tsláinte ag bagairt orm agus bhí an bhagairt ag dul i ngéire i n-aghaidh gach bliana, i dtreó, nuair a bhí deire na h-aimsire ag druidim liom, gur chuma liom ach go mbéarfainn na cosa liom as an áit. Thug Diad dhom, moladh ’s buidhchas leis, gur rugas. Fuaras na h-úird, gach órd acu fé mar a tháinig mo theidiol chuige, go dtí gur cuireadh fé ghrád sagairt mé an t-aonmhadh lá déag de Mheitheamh an tSamhraidh sa bhliain d’aois an Tighearna, míle ocht gcéad, trí fichid, a seacht. Thánag abhaile, agus ní rabhas sa bhaile ach raint laethanta nuair a tháinig leitir an Easboig chúgham ’á rádh liom dul ag déanamh gnótha sagairt i bparóiste Chille Sheanaigh, i n-aice Mhalla. Paróiste mhór fhada leathan iseadh í, ó Nead an Fhiolair soir go teórainn Bhaile na Móna agus ó bhruach Abhan Móire ó-dheas go dtí Áth an Dalláin agus go dtí Bárr an Chárthainn geall leis. Sa taobh theas