Page:Mo sgeal fein.djvu/198

This page has been proofread.

dheinean an dá fhocal sa Ghaeluinn iad. Ansan, ní mór do’n fhile truagh do Sheághan ua Ghríobhtha do mhúisgilt i gcroídhe an Athar Murchadh. Agus cá bhfuil an fear san ’n-a bheathaidh is mó de thruagh ’ná an fear atá pósta le h-óinsigh mná? Dá mbéadh aon chiall ag an inghín b’ fhéidir gur bh’ fhusaide é, ach bhí dúbailt mífhortíúin ar an bhfear mbocht nuair a bhí an inghean ’n-a h-óinsigh chómh maith leis an máthair. Ansan, donas an sgéil ar fad, “É féin ’n-a bhreall,” agus mar bhara ar an ndonas san féin—“Beidh sé amhlaidh choídhche!” Ní h-aon iongnadh gur léim an t-Athair Murchadh as an gcathaoir nuair a léigh sé an páipéar.

Tá aithne agam ar a lán filidheachta Béarla, agus ar a lán d’fhilidheacht na Gréige agus d’fhilidheacht na Rómha. Ní h-eól dom i n-aon fhilidheacht dár cúmadh riamh i n-aon teangain acu, beó ná marbh, aon cheithre líne chómh maith leis na cheithre líntibh sin a chúm Barry the Rake an uair sin agus an t-ocras air! “Brevis esse certo,” arsa Horatius, “et obscurus fio.” Tá caint an Bharraigh sa bhéarsa so chómh “brevis” agus do b’ fhéidir í bheith, níos cruinnighthe go mór ’ná mar ab fhéidir í bheith i n-aon teangain eile, agus i n-inead aon “obscuritas” a theacht de’n chruinnightheacht is breis soluis a thagan d’á druim. Is amhlaidh a glantar agus do neartuighthear an solus ar an machtnamh.