Page:Mo sgeal fein.djvu/33

This page has been validated.
19
RÓGAIRÍ

go bhfanfadh na prátaí ró mhion, nó ná béadh aon adhbhar acu sa talamh. Thabharfadh san bliain ghana-chúiseach do dhaoinibh. Bhéadh “Conchubhar Mór sa chúinne” agá lán. Ní fhanadh puínn d’aon tsaghas eile bídh sa tír. Pé gráinne arbhair a saothruightí do caithtí é dhíol, nó an chuid ba mhó dhé, chun an chíosa dhéanamh. Dheineadh daoine a ndícheal chun oiread des na prátaíbh miona do choimeád agus dhéanfadh an garaidhe do chur i gcóir na h-aithbhliana. Ansan, b’fhéidir, do thiocfadh an aimsir go rathmhar i gcaitheamh na h-aithbhliana. D’fhásfadh na garaidhthe go saidhbhir, chómh saidhbhir sin go mbéadh na clasa dúnta ins gach aon gharaidhe i gcaitheamh an tsamhraidh, agus brat trom de bhláthanaibh bána ortha i ndeire an tsamhraidh, agus prátaí nua le fághail ionta oidhche Lughnasa, lán sgiathóige fé gach aon ghas, agus nár ith duine riamh isteach ’n-a bhéal biadh do b’ fhearr ’ná iad. Ansan ní chuimhneóch’ aoinne an chuid eile de’n bhliain sin ar “July an chabáiste.”

Isé cúis n-a dtugtí “July an chabáiste” ar an mí sin, ’ná so,—Nuair a thagadh droch bhliain ní bhíodh aon rud le n-ithe ag daoinibh ach an cabáiste i gcaitheamh an mhí sin, i dtreó nuair a thagadh oidhche Lughnasa agus na prátaí nua, go mbíodh árd áthas ar gach aoinne deire bheith le “July a chabáiste.”

Nuair a bhíodh mo chuaird tabhartha agam tríd an bpáirc a bhí ar aghaidh an doruis amach, do théighinn soir sa pháirc a bhí lastoir di. An Pháirc Dhronnach a tugtí ar an bpáirc sin, mar bhí sí árd ’n-a lár fé mar a bhéad drún uirthi. Is dóich liom gur ó’n árdán san atá i lár na páirce dronnaighe sin a fuaras an chéad radharc síos ar an bpáirc mbuidhe agus ar chnapóigín páirce atá lastíos di go dtugtí “Árd Phádraig”