Page:Mo sgeal fein.djvu/35

This page has been validated.
21
RÓGAIRÍ

de’n chnuc ar ghéagaibh crann, gan aon chos leis do chur ar an dtalamh. Do leagadh an t-adhmad, ach do lean an ainim, Daingean na Saileach, ar an gcnuicín.

Nuair a bhíodh gort sa pháirc ar aghaidh an doruis amach, ní fhéadainn dul amach inti ná dul tríthi soir, mar bhíodh an t-arbhar níb’ aoírde go mór ’ná mé féin, agus do raghainn amú ann. Ansan, nuair a bhíodh an gort bainte ní fhéadainn dul soir tríd an bpáirc, mar bhíodh na coínlíní agus na briogadáin sa choínleach, agus do phriocfaidís mo chosa. Ní bhíodh bróga ar aon leanbh an uair sin, ná ar aon daoine óga. Ar dhaoine a bhíodh eirighthe suas féin ní bhíodh bróg ná stóca ach amháin Dé Domhnaigh, nuair a bhídís ag dul go dtí an t-Aifrean, nó an lá a bheidís ag dul i n-áit éigin as baile. Bhíodh a rian air, bhíodh cosa cruadha foláine acu gan beann ar fhuacht. Anois ní foláir bróga do chur ar chosaibh an leinbh abhfad sar a bhféadan sé siubhal ná cos do chur ar an dtalamh i n-aon chor. Fágan san cosa leicthe agá lán acu, leictheacht cos a leanan díobh i gcaitheamh a saoghail. B’ fhearr an tseana shlígh.

Is cuímhin liom lá áirighthe, nuair a bhíos, is dóich liom, trí bliana dh’aois. Bhí gort nó coínleach sa pháirc a bhí ar aghaidh an tighe amach, i dtreó go mb’ éigean dom fanmhaint istigh. Bhí bata agam agus mé ag marcaidheacht an bhata síos agus suas ar fuid an úrláir, mar ’dh eadh gur chapall an bata. Chonac a lán daoine iasachta amuich sa chlós agus iad ag cogarnaigh agus ag caint. Thuigeas go raibh duine mór éigin ag teacht agus go rabhadar ag feitheamh leis. D’airighinn anois as airís an focal “an máighistir,” agus “Mr. Saunders.” Fé dheire do tháinig duin’uasal mór beathuighthe isteach, agus do shuidh sé ar chathaoir i lár an tighe, agus do líon na daoine iasachta go léir