Page:Mo sgeal fein.djvu/38

This page has been validated.
24
MO SGÉAL FÉIN

an tseift ar ar shocaruigheadar chuige sin. Bhí ar na tineóntaithibh aon duine amháin ná bíodh a chíos ollamh aige nuair a bhíodh sé ag glaodhach. Do sgaoileadh leis ar feadh raint blianta go dtí go raibh sé mórán i ndiaigh lámha. Ansan do h-éiligheadh ar an gcuid eile an cíos a bhí ar an bhfear san. D’eirigh ana chlampar dlíghe mar gheall air sin. Ní dhíolfadh an chuid eile cíos an fhir sin. Níor bheag le gach aoinne a chíos féin do dhíol. Do mheas an máighistir go bhféadfadh sé an léas do bhriseadh mar gheall air sin. Tar éis mórán costais agus mórán clampair do dhíoladar é, agus do thug an dlígh dhóibh talamh an fhir sin go dtí go mbéadh a gcuid féin fághalta thar n-ais acu as an dtalamh. Tamall ’n-a dhiaigh san d’eirigh clampar eile de’n tsaghas chéadna. Ní cuimhin liom go raibh an áit aon lá riamh gan clampar de’n tsórd san go dtí gur thuit an léas san, tímpal na bliana 1874. Do h-árduigheadh an cíos ansan i bhfeirimitíbh. Ach níor díoladh puínn riamh de’n chíos árd san. D’fhan an chuid ba mhó dhé gan díol go dtí go dtáinig an stailc úd a cuireadh suas i gcoinnibh cruadh-chíosa.

Tá a gcuid tailimh ceannaighthe amach anois, fés na dlighthibh nua so, ag clainn na ndaoine a thug an aimsir úd go léir ag troid i gcoinnibh na h-éagcóra.