Page:Mo sgeal fein.djvu/39

This page has been validated.
25
CLAMPAR DLÍGHE

IV
CLAMPAR DLÍGHE

Is cuimhin liom, agus mé ana bheag, bheith am’ shuidhe sa chúinne i n-aice na teine tráthnóna geimhrigh. Bhí seana Dhiarmuid ua Laoghaire, dritháir athar do m’athair-se, ’n-a shuidhe ar chathaoir lasmuich dhíom ar an dtaobh gcéadna de’n teine. D’á chómhartha san féin bhí gadhar leis a tháinig i n-aonfheacht leis, ’n-a luighe istigh idir chosaibh na cathaoireach. Thagadh sé féin agus an gadhar go minic mar sin chúghainn, nuair a bhíodh na h-oídhcheanta fada ann, agus thugadh sé tamall de thosach na h-oídhche ag caint agus ag innsint seana sgéalta. An oídhche seo adeirim do thárla dhó bheith ag trácht ar an gcéad chlampar dlíghe a dh’éirigh ameasg na dtineóntaithe mar gheall ar an léas a bheith i bpáirt acu. D’eirigh an clampar san abhfad sar a dtánag-sa ar an saoghal. Ní raibh m’ athair ach ’n-a leanbh nuair eirigh sé. Bhí duine des na tineóntaithibh ’n-a chómhnuighe ar an dtaobh thuaidh de’n chnuc, ag bun na faille ar a dtugtar Faill na bhFiach. Leaba Dhiarmuda a tugtar ar a dtaobh san de’n chnuc, agus Lios Caragáin ar an dtaobh theas, mar a rabhamair féin i n-ár gcómhnuighe.

Bhí an léas raint blianta ar bith. Bhí an t-airgead breagh mór d’á fhághail ar gach aon rud, mar gheall ar chogaíbh Bhonaparte. Bhí an “máighistir” go cráidhte cancarach toisg gan neart a bheith dhó an cíos d’árdughadh. Isé rud ar ar shocaruigh sé féin agus a reachtaire ’ná sgaoileadh leis an dtineóntaidhe a bhí ar leaba Dhiarmuda agus gan aon leathphinne cíosa