Page:Mo sgeal fein.djvu/41

This page has been validated.
27
CLAMPAR DLIGHE

a urchair féin d’fhear an ghuna. Nuair a fuair fear an guna ag teacht ró achmair dó é, do ghaibh sé amus cruinn air, agus tharaing sé an triccer. Do bhuail an casúr a bhuille, ach do theip teine. Do lean Dómhnall ag teacht. Do thóg an fear eile an guna airís agus thug sé iaracht eile ar an urchar do chaitheamh. Do theip teine an tarna h-uair. Do theip teine an trímhadh h-uair. Fé dheire bhí Dómhnall chómh h-achmair agus theastuigh uaidh bheith. Do chaith sé urchar na ciotóige. Do h-aimsigheadh fear an ghuna i gclár a éadain leis an gcloich díreach sar a’ raibh uain aige ar a mhéar do luighe ar an dtriccer an ceathramhadh uair. Do thuit sé. Do tógadh uaidh an guna agus do ceangaladh é. Nuair a tháinig sé chuige féin bhí sé istigh i gcara trucaileach agus iadsan ’ghá bhreith leó go Mághchromtha ’n-a phrísúnach.

Ní raibh de stoc acu le tabhairt leó as an áit ach cúpla seana chaoira. Bhíodar ag gabháil síos Bóthar na Cathairíneach agus an dá sheana chaoira rómpa amach, agus an guna ’n-a láimh ag duine acu. Bhíodar deimhnightheach go raibh an guna folamh agus gur bh’shiné cúis n-ar theip teine na trí h-uaire as a chéile. Thuigeadar ná raibh ó’n bhfear ach eagla chur ortha; ná raibh aon aidhm aige ar aoinne do mharbhadh. D’eirigh aighneas éigin eatartha. Bhí an t-aighneas ag dul i ngéire. Do thóg an fear go raibh an guna ’n-a láimh aige, do thóg sé an guna le spórt, mar ’dh eadh chun an aighnis do chosg.—“Eist do bhéal nó lámhfad thu!” ar seisean le duine de’n bheirt a bhí ag déanamh an aighnis. Bhí a mhéar ar an dtriccer. Do luigh sé ar an dtriccer. Le linn luighe ar an dtriccer dó do bhuail fear eile lámh ar bhairille an ghuna agus d’iompuigh sé i leith taoibh é. Do ghluais an t-urchar