Page:Mo sgeal fein.djvu/62

This page has been validated.
48
MO SGÉAL FÉIN

VII
SGOIL CHARAIG AN IME

Nuair a bhíos tímpal trí bliana déag d’aois do cuireadh suas tigh sgoile i gCaraig an Ime thoir. Go dtí san is istigh sa bhaile a bhíodh an sgoil agam féin agus ag an gcuid eile de chlainn m’athar agus mo mháthar. Bhímís ag obair fan lae ar an bhfeirm bheag, an méid againn a bhí ábalta ar aon rud i bhfuirm oibre do dhéanamh. Nuair a thagadh an oídhche do lasadh mo mháthair coinneal ar an mbórd, agus chuireadh sí i n‑ár suídhe tímpal an bhúird sinn, agus thugadh sí na leabhair dúinn, agus múineadh sí ár gceachtana dhúinn. Bhí an múineadh thugadh sí dhúinn níb’ fhearr go mór ’ná an múineadh a tugtí dos na leanbhaíbh a bhíodh ins na sgoileanaibh. Mar sin féin do ceaptí, nídh nár bh’ iongnadh, gur chóir gur bh’ fhearr an múineadh a tugtí ins na sgoileanaibh.

Do h‑osgaladh sgoil Charaig an Ime. Do cuireadh múinteóir isteach ann d’ár bh’ ainim Cormac ua Luasa. Do cuireadh mise ar sgoil ann. Is cuimhin liom go maith an chéad lá chuas isteach ann. Ní fheidir Cormac cad é an rang de’n sgoil ’n‑a gcuirfeadh sé mé. Bhí cuid de’n eólus ró mhaith agam, agus bhí tuille dhe ná raibh i n‑aon chor agam. Bhíos ábalta ar na leabhair a bhí acu do léigeadh ar áilleacht, níb’ fhearr go mór ’ná na buachaillí dob’ fhearr a bhí aige. Ansan bhí rudaí eile nár airigheas riamh aon teacht thórsa. Isé rud a dheineadh sé ’ná tamall thíos agus tamall thuas a thabhairt dom. Chuireadh sé tamall ag múineadh mé agus tamall ag foghluim. Bhí tabhairt