Page:Mo sgeal fein.djvu/64

This page has been validated.
50
Mo sgéal féin

aghaidh tíghe na sgoile amach bhí sé lán de charaigreachaibh móra cloch. Chonac beirt fhear ann lá agus iad ag briseadh na gcloch chun iad a bhreith as an áit. Bhí Cormac ag caint leis na fearaibh. As Gaeluinn a bhíodar ag caint. Bhí aon chloch amháin ann agus bhí teipithe ar na fearaibh í bhriseadh, bhí sí chómh cruaidh sin. Bhí sí trí nó ceathair de throighthibh ar raímhre ar gach aon tslígh, agus í, ba dhóich leat, chómh cómhchruinn le liathróid coise. Bhí na fir ag iniúchadh uirthi féachaint a’ bhféadfaidís aon áit fhághail ’n‑a sgoilfeadh buille maith láidir de’n órd í ach í bhualadh ann. Bhí ag teip ortha. Do rug Cormac ar an órd. Fear óg láidir cruaidh fuinneamhail ab eadh é an uair sin.

“Druididh amach uaithe!” ar seisean.

Bhain sé casadh as an órd, agus bhuail sé a bhuille chómh maith agus bhí ’n‑a chuisleanaibh agus ’n‑a chorp é bhualadh. Bhíos ag féachaint air. Ba dhóich leat gur mhó go mór an fuinneamh a bhí leis an órd ag eirighe de’n chloich ’ná mar a bhí leis ag teacht anuas uirthi. Is dóich liom gur chrith an t‑adhmad i láimh Chormaic i dtreó gur chuir sé codla grífín sa láimh. Chaith sé uaidh an t‑órd agus chuir sé an lámh ’n‑a phóca.

“Is éadtroma cleite ’ná é, a Chormaic!” arsa duine des na fearaibh.

Bhí an séipéal i n‑aice na sgoile i gCaraig an Ime, agus théighmís go léir ó thigh na sgoile isteach sa tséipéal nuair a bhíodh an Teagasg Críosdaidhe le foghluim againn. Ní bhíodh aon fhocal Béarla d’á labhairt sa tséipéal ach fíor bheagán. Bhíodh dhá oiread ag foghluim Teagasg Críosdaidhe sa tséipéal agus bhíodh ag foghluim léighinn sa sgoil, agus ní baoghal