Page:Mo sgeal fein.djvu/70

This page has been validated.
56
Mo Sgéal Féin

Dé Céadaoin seo chúghainn. Tá aimsir ár ndóithin fós againn chun labhairt le n‑ár n‑atúrnae.”

Bhí Seághan ua Laoghaire, mac do sheana Dhiarmuid ua Laoghaire, ag éisteacht leis an gcaint sin. Do labhair sé. (Ní raibh aon fhocal Béarla d’á labhairt sa chómhairle sin.)

“Seadh!” arsa Seaghan ua Laoghaire. “Tá an lá go léir caithte ansan agaibh ag caint agus ní’l aon rud déanta agaibh. Ní’l socair agaibh ar cad tá le déanamh agaibh ach chómh beag agus bhí nuair a thánabhair anso ar maidin. Imtheóchaidh sibh abhaile anois. Tiocfaidh sibh anso airís Dé Céadaoin seo chúghainn. Tiocfaidh Seághan ua Luasa anso agus gur cuma nó watch gach aon tsúil leis. Tiocfaidh Micheál ua Laoghaire anso agus gur fiú chúig phúint gach aon fhocal uaidh. Tiocfaidh Barnaby anso agus gur cuma é nó Socrates. Tiocfaidh sibh go léir anso agus coimeádhfaidh gach aoinne agaibh a aigne bheag aige féin, agus ní dhéanfaidh sibh aon tsocarughadh an lá san ach chómh beag agus ’tá déanta indiu agaibh. Sleamhnóchaidh an aimsir uaibh go dtí go mbeidh sé ró dhéanach chun labhartha le h‑aon atúrnae. Ansan beidh Broderick agus Saunders anuas sa bhraiceal oraibh go léir, agus neart dóibh a rogha cor a thabhairt daoibh.”

Bhíodar go léir ag cur an anama amach ag gáirí nuair a bhí deire ráidhte aige. Do shocaruigheadar ar dhul láithreach agus labhairt leis an atúrnae, agus an dlígh chur i bhfeidhm chun iad féin do chosaint. Do buadhdar ar an máighistir sa dlígh. Do díoladh cíos an fhir a bhí i ndiaigh lámha, agus do tugadh dóibh an fheirm a bhí aige go dtí go mbéadh a gcuid féin tar n‑ais acu aisti.

Nuair a bhí an méid sin clampair i leith taoibh do