Page:Mo sgeal fein.djvu/72

This page has been validated.
58
Mo sgéal féin

triúr i n‑aonfheacht, agus do cuireadh a dtrí cinn ansúd anáirde ar na sparaíbh caola árda úd, agus do fágadh ann iad ar feadh mórán blianta. Do chonac-sa ann iad agus mé am’ sheasamh ag ceann an drochaid an lá úd. Níor ró fhada ’n‑a dhiaigh san gur tógadh anuas na trí plaoisgeana. Bhí náire ar na h‑uaislibh iad fhágaint ann níba shia.

Do lean an gníomh san, agus gníomhartha eile do dhein sé ’n‑a dhiaigh san, d’á gcasadh mar asachán le Malachi agus le gach aoinne d’á ghaoltaibh riamh ó shin. Níor mhaith le h‑aoinne aon bhaint a bheith aige leó, bhí a leithéid sin de ghráin ag an bpoibilidheacht go léir ortha. Ba mhór an éagcóir é sin, ámhthach, mar daoine galánta macánta ab eadh a bhformhór, chómh galánta chómh macánta le h‑aon treabhchas eile daoine a bhí sa dúthaigh.

Bhí Diarmuid ua Tuathaig, athair Mháire ní Thuathaig, athair mo sheana mháthar-sa, ’n‑a chómhnuighe ar Gleann Daimh. Tá sruthán idir an áit ’n‑a raibh sé ’n‑a chómhnuighe agus feirm eile atá lastiar de’n fheirm sin. Bhí an fheirm thiar le cur. Cé thiocfadh agus thógfadh an fheirm thiar ach fear n‑ar bh’ ainim dó Dómhnall ua Dúbhgáin, gaol gairid do Mhalachi. Bhí Diarmuid ua Tuathaig ar buile, a rádh go mbéadh aoinne de’n droch aicme sin chómh cómhgarach dó. Ní fada bhí Dómhnall ua Dúbhgáin laistiar de’n tsruthán ’n‑a chómhnuighe nuair a bhuail sé féin agus Diarmuid ua Tuathaig umá chéile maidin bhreagh shamhraidh.

“Dia ’s Muire dhuit, a Dhiarmuid uí Thuathaig!” arsa Dómhnall.

Thug Diarmuid a chúl leis agus bhuail sé thairis gan labhairt. Do ghluais an aimsir. Níor bh’ fhada go dtug Diarmuid fé ndeara gur chómharsa ana mhaith, ana shíothchánta, ana chneasta, Dómhnall, pé gaol a